Fuair 60% a gcéad rogha CAO – ach cad atá le déanamh anois

30/08/2023

Beidh formhór na scoláirí sásta leis an nuacht atá faighte acu ón CAO – anois ar aghaidh go dtí an chéad chéim eile

Tá a gcéad rogha CAO faighte ag suas le 60% d’iarratasóirí ar áiteanna in oideachas tríú leibhéal.

Fuair beagnach 60,000 duine óg den chuid is mó tairiscintí (offers)

ar áiteanna coláiste tríd an an Lár-Oifig Iontrála (Central Applications Office, CAO).

CAO, an chéad chéim eile
CAO, an chéad chéim eile

Tá 87,075 tairiscint eisithe ag an CAO, a riarann iontráil coláiste thar ceann na n-ollscoileanna agus na gcoláistí, chuig 57,980 iarratasóir.

Beidh formhór na scoláirí sásta leis an nuacht atá faighte acu.

Ag Leibhéal 8 tá áit do bheagnach 60% d’iarratasóirí ar an gcúrsa a bhí mar chéad rogha acu. Tá sé seo 5% níos mó ná an bhliain seo caite. Fuair 85% tairiscint ar cheann de na trí rogha is fearr leo, 3% níos mó ná an bhliain seo caite.

Tá  áit do naonúr as deichniúr mac léinn a rinne iarratas ar chúrsaí Leibhéal 6/7 ar a gcúrsa céad rogha.

Léiríonn sonraí na bliana seo freisin gur bhain i bhfad níos lú cúrsaí i mbliana úsáid as roghnú randamach chun áiteanna a thairiscint. I gcomparáid leis an mbliain seo caite tá an líon síos go dtí 19 cúrsa ó 47 anuraidh.

Simon Harris
Simon Harris

Úsáidtear roghnú randamach chun mic léinn a roghnú do chúrsa nuair a bhíonn na pointí riachtanacha bainte amach ag an iomarca scoláirí.

Tá fáilte curtha ag an Aire Ardoideachais agus Breisoideachais Simon Harris roimh an bhfíric go bhfuil tairiscintí céad rogha faighte ag níos mó mac léinn i mbliana.
‘Tá sé seo curtha i leith aige mar gheall ar ‘infheistíocht shuntasach in áiteanna coláistí go háirithe ar chúrsaí a bhfuil éileamh ard orthu’.

Mar shampla, tar éis cruthú 120 áit bhreise sa leigheas i mbliana agus anuraidh, tá laghdú tagtha ar na pointí ar chúrsaí leighis.

Cad ba cheart do dhaltaí a dhéanamh anois?

Ní mór glacadh le do thairiscint (offer)  faoi 3pm Dé Máirt, 5 Meán Fómhair.

Beidh na tairiscintí seo ar fáil le feiceáil ar líne ar shuíomh Gréasáin an CAO, ach deimhníonn an CAO freisin go n-eiseofar iad trí theachtaireacht téacs agus ríomhphost.

college students 1168x681 1

‘Gheobhaidh iarratasóirí nach bhfuil tairiscint faighte acu ríomhphost Staid an Iarratais (State of Application email).’ Is é cuspóir an ríomhphoist seo ná deimhniú a fháil ó na mic léinn go bhfuil a gcuid faisnéise ar fad taifeadta i gceart.

Déanfar tairiscintí bhabhta a dó ar Dé Luain, 11 Meán Fómhair ag 2in, agus beidh an dáta deiridh le haghaidh glacthaí ar Dé Céadaoin, 13 Meán Fómhair ag 3in.

Beidh tairiscintí bhabhta a trí ar fáil ó 10rn ar Dé Máirt, 19 Meán Fómhair, agus beidh an dáta deiridh le haghaidh glactha ar Déardaoin, 21 Meán Fómhair ag 3in.


Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.


Nuachtlitir Extrag.ie/Extra.ie Newsletter

Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar Extra.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram