

D’ordaigh príomh-bhreitheamh chúirt fheidearálach Minnesota do leas-phríomhfheidhmeannach gníomhach ICE sna Stáit Aontaithe láithriú sa chúirt Dé hAoine.
Dúirt sé leis a mhíniú go pearsanta cén fáth nár chomhlíon an ghníomhaireacht sin mórán orduithe cúirte le seachtainí beaga anuas.

I léiriú frustrachais, dúirt an Príomh-Bhreitheamh Patrick Schiltz go gcaithfidh Todd Lyons a mhíniú cén fáth nár cheart é a chuir i ndíspeagadh (contempt),mar theip ar ICE fear atá á choinneáil a chur ar fáil don chúirt.
Dúirt Schiltz go gcuirfidh sé éisteacht Dé hAoine ar ceal má scaoiltear saor an duine atá á choinneáil.
‘Tá an chúirt seo thar a bheith foighneach le freagróirí, cé gur shocraigh freagróirí na mílte gníomhaire a sheoladh go Minnesota chun eachtrannaigh a choinneáil gan aon fhoráil a dhéanamh chun déileáil leis na céadta cásanna dlí a bhí cinnte a bheith mar thoradh orthu,’ a scríobh Schiltz.
‘Tá deireadh le foighne na cúirte.’
Ceapadh an breitheamh, atá ina shuí i Minneapolis, chuig an mbinse ag an Uachtarán Poblachtach George W. Bush.
Tháinig ordú Schiltz agus gearán á dhéanamh ag agóideoirí faoi thaicticí ICE chun dul chun cinn a dhéanamh ar ghéarleanúint inimirce an Uachtaráin Donald Trump.
Lámhaigh agus mharaigh gníomhairí beirt shaoránach SAM, Renee Good agus Alex Pretti, i Minneapolis an mhí seo.

Tháinig cinneadh an Bhreithimh Schiltz faoi Uasal Lyons agus brú ar chúirteanna feidearálacha Minnesota de bharr cásanna dlí a bhfuil baint acu le tacticí ICE.
Tá cuid de na hinimircigh ag iarraidh a sheachaint go seolfar amach as an stát iad, agus tá gearán á dhéanamh ag daoine eile faoi bheith seolta chuig áiteanna cosúil le Texas agus iad a bheith iallach orthu a mbealach féin abhaile a aimsiú.
Tháinig ordú an bhreithimh tar éis do Juan Hugo Tobay Robles, fear as Eacuadór a tháinig isteach sna Stáit Aontaithe go mídhleathach beagnach 30 bliain ó shin, a bheith gafa i gcoimeád ar an 6 Eanáir.
Ar an 14 Eanáir, d’ordaigh an Breitheamh Schiltz do ICE cead a thabhairt don Uasal Tobay Robles dul chuig éisteacht laistigh de sheachtain nó é a scaoileadh saor go hiomlán.

Chinn an breitheamh go raibh ICE á choinneáil faoi thuiscint mhíchuí ar dhlí feidearálach – tá sé ar cheann de na céadta cás den sórt sin i gcúirteanna ar fud Mheiriceá le míonna beaga anuas.
Is cosúil go bhfuil na gníomhairí feidearálacha ag déanamh neamhaird ar na cúirteanna.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.