

Tá gearrliosta na n-amhrán agus painéal na moltóirí le haghaidh Comórtas Amhrán Nua-Chumtha Phan Cheilteach 2026 fógartha.
Agus gan aon Eurosong ná Comórtas Eurofíse ag Éirinn i mbliana beidh súil le níos mó airde do Phan Cheilteach.
Cuirfear na hamhráin i láthair beo ar stáitse os comhair triúr moltóir agus lucht féachana i gCeatharlach, Dé Sathairn, 24 Eanáir ag 8pm, in Amharclann GB Shaw@Visual.

Bronnfar trí dhuais ar an oíche le €100 don amhrán a thiocfaidh sa tríú háit agus €200 don cheann sa dara háit.
Bronnfar duais airgid €1,000 móide an trófaí náisiúnta ar chumadóir an amhráin a thiocfaidh sa chéad áit agus rachaidh an t-amhrán ar aghaidh chun ionadaíocht a dhéanamh ar son na hÉireann ag an gcomórtas idirnáisiúnta ag Féile Idirnáisiúnta Pan Cheilteach 2026 a bheidh ar siúl i gCeatharlach I Mí Aibreáin.
Is ansin a bheidh an t-amhrán buacach in iomaíocht leis na hamhráin náisiúnta nua-chuntha eile roghnaithe ag Albain, an Bhreatain Bheag, Oileán Mhanainn, an Choirn agus an Bhriotáin agus iad go léir ag súil le trófaí idirnáisiúnta Pan Cheilteach 2026 agus príomhdhuais na féile €1,500 a thabhairt leo.
Bhí 46 iarratas san iomlán agus tá 15 amhrán roghnaithe don chraobh agus is iad na moltóirí a bheidh i mbun oibre i mbliana ná Charlie McGettigan, Órla Fallon (iarbhall Celtic Woman agus Anúna) agus Martin Bridgeman as KCLR 96FM, stáisiún raidió Chill Chainnigh agus Cheatharlach.
I measc na n-amhrán ar an ngearrliosta ag an gcomórtas tá cinn ó Chonamara, Dún na nGall, Baile Átha Cliath, Ciarraí, Ceatharlach, Maigh Eo, Cill Chainnigh agus Loch Garman.
Measfar na hamhráin ar fheabhas na bhfocal, an cheoil agus an cur i láthair.
An ceoltóir agus cumadóir Ollie Hennessy a bheidh ina stiúrthóir ceoil ar an gcomórtas.
Osclófar na doirse ag 7pm agus is féidir ticéid ar €15 a chur in áirithe ag boxoffice@visualcarlow.ie nó 059 9172400 agus is féidir íoc ag an doras ar an oíche chomh maith.

Pan Cheilteach Cheatharlach atá ag reáchtáil an chomórtais i gcomhar le Comhairle Contae Ceatharlach agus le tacaíocht ó IMRO, Gael Linn, Foras na Gaeilge, an tOireachtas agus Glór Cheatharlach.
1. Áine Durkin. ‘Briseadh Croí’. Conamara / Dún na nGall.
2. Dave Barron & Fiach Ó M. ‘Dúlra Scriosta’. Ceatharlach.
3. Bernard McCabe. ‘Tabhair Dom Do Lámh’. Maigh Eo.
4. Seán Breathnach. ‘Ceatharlach Le Chéile’. Ceatharlach.
5. Paul Kelly & Damian. ‘Imigh Ón Áit Seo’. BÁC.
6. Damian Mac Gabhann ‘Hé Hó Craic ar an mBád’. BÁC.
7. Emmet Jones/Dara Eaton. ‘Mo Ghrása’ Dara & The Patsys. Ceatharlach
8. Fergal Cantona. ‘Caoineadh Deirdre’. Cill Chainnigh.
9. Stephen Murphy. ‘Aithrí’. Loch Garman
10. enCÓRe. ‘Ós Do Chomhair’. Ceatharlach
11.Éire & Chulainn ‘Áit a Bhíonn Faoi Uisce’. Loch Garman
12. Noeleen Ní Cholla. ‘Fan Liom’. Gaoth Dobhair, Dún na nGall
13. Amano Miura. ‘An Domhan Thíos’. An tSeapáin & Cill Airne, Ciarraí
14. Éabha Breathnach. ‘Ceanndána’. Conamara.
15. Oisín & Gaelcholáiste. ‘Siúl Ar Aghaidh’. Ceatharlach.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.