

Craolfar clár faisnéise nua, Dubhghlas, ar Raidió na Life Dé Luain, 22 Nollaig ag 6i.n. agus arís ar Lá Fhéile Stiofáin ag 2.i.n. Beidh an clár ar fáil mar phodchraoladh ar Spotify, iTunes agus Soundcloud freisin.

Ceannródaí Gaeilge agus céad Uachtarán na hÉireann, tá neart léinn dírithe ar Dhubhghlas de hÍde in imeacht na mblianta.
Mar sin féin, is léir nach bhfuil sé éasca teacht ar thuiscint dhomhain phearsanta air mar dhuine. Fear ildánach, iltréitheach agus casta ab ea é; fear a chur cló éagsúil air féin ag brath ar na cúinsí ina raibh sé ag aon am ar leith, agus a choinnigh méid áirithe de féin faoi cheilt go poiblí.
Ach, d’fhág Dubhghlas de hÍde na mílte scríbhinn ina dhiaidh – dialanna, litreacha agus saothair chruthaitheacha atá anois ina dtaisce stairiúil do thaighdeoirí. Déanann an clár faisnéise seo a chuid scríbhinní a chíoradh chun léargas nua a fháil ar de hÍde.
Mar chuid den chlár, thug an tOllamh Emeritus Liam Mac Mathúna agus an Dr Máire Nic an Bhaird cuairt ar Leabharlann Náisiúnta na hÉireann chun scríbhinní de hÍde a fheiceáil agus a phlé, agus tá léargas freisin ar shaol agus saothar de hÍde ón Dr Cathal Billings agus an Dr Éadaoin Ní Mhuircheartaigh.

Le píosaí drámata léite ag an aisteoir mór le rá Diarmuid de Faoite sa chlár freisin, tá de hÍde tugtha chun beatha ar shlí nach bhfuil cloiste againn roimhe.
Raidió na Life ar fail ANSEO
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.