Bhí Raidió na Life 106.4fm réabhlóideach agus ceannródaíoch don óige go háirithe ag an am – agus tá go fóil
Tá Raidió na Life 106.4fm ag ceiliúradh breithlá mór Dé Luain, cothrom an lae a thosaigh an stáisiún ag craoladh go lánaimseartha, ar an 25 Meán Fómhair 1993.
Mar sin bhí lá mór ceiliúrtha i stiúideonna Raidió na Life ar Shráid Amiens i mBaile Átha Cliath le clársceideal speisialta lán de chaint, ceol agus cuimhní cinn.
Bhí foireann agus craoltóirí deonacha Raidió na Life ag dul siar ar bhóithrín na smaointe le cairde de chuid an stáisiúin, idir shean is nua.
30 bliain ag fás, 30 bliain faoi bhláth, 30 Bliain Beo inniu! 25/09/1993 – 25/09/2023 Tá Raidió na Life 30 bliain ar aer! Tá na céadta craoltóirí deonacha tar éis craoladh linn thar na blianta, agus bhí an bhean seo ann ag a tús in '93. Lá breithe sona dúinn! #RnaL30 🎂🍾🥳 pic.twitter.com/7BChOeshFO
Tá said ag ceiliúradh na n-éachtanna craolacháin atá bainte amach ag an stáisiún le tríocha bliain anuas, agus bhí siad ag oscailt na stiúideonna ar Shráid Amiens don phobal, is ag déanamh ceiliúradh ar ‘Chuisle na Cathrach’.
Ag craoladh ar mhinicíocht ‘102 Beo’ ar 102.2fm nuair a thosaigh sé ag craoladh i 1993, ba é Raidió na Life an chéad stáisiún raidió lán-Ghaeilge neamhspleách a bunaíodh tar éis RTÉ Raidió na Gaeltachta, an t-aon tseirbhís a bhí ar fáil do chainteoirí Gaeilge ar feadh breis agus scór bliain roimhe sin.
Stáisiún pobail comhleasa dírithe ar phobal na Gaeilge, ba Raidió na Life 106.4fm an chéad stáisiún raidió pobail in Éirinn a fuair ceadúnas craolacháin ón gCoimisiún um Raidió agus Teilifís Neamhspleách freisin.
Tá breis agus scór stáisiún raidió pobail ag craoladh i ngach cearn den tír anois – agus ba Raidió na Life an chéad ceann acu a tháinig ar an aer.
Sharon Ní Bheoláin
Ón uair a thosaigh sé ag craoladh in 1993, bhain Raidió na Life agus a chraoltóirí clú amach dóibh féin go tapa mar stáisiún raidió Gaeilge a bhí réabhlóideach agus ceannródaíoch don óige go háirithe.
Bhí faobhar uirbeach ag baint le stíl chraolacháin an stáisiúin agus sheas sé amach ón slua, ní amháin i dtírdhreach na meán cumarsáide Gaeilge (bheadh breis agus trí bliana eile ann sula dtiocfadh Teilifís na Gaeilge/TG4 ar an aer), ach i dtírdhreach na meán in Éirinn trí chéile.
Bhí an stáisiún ceannródaíoch ón tús ag aimsiú is ag leagadh spotsholas ar cheol nua nach gcloisfí in aon áit eile ar na haerthonnta, agus d’athraigh Raidió na Life 106.4fm an cur chuige a bhain le raidió Gaeilge go dtí sin – ag craoladh ceol le liricí Béarla síos tríd an sceideal ón gcéad lá, rud a bhí réabhlóideach ag an am agus rud a chinntigh go raibh seirbhís raidió Gaeilge san ardchathair ar theastaigh ó dhaoine óga tiúnáil isteach léi go laethúil.
Bhí mana ag an mBainisteoir Stáisiúin Rónán Ó Dubhthaigh ag an am, mana atá fós in úsáid ag an stáisiún: ‘Tá dhá theanga le cloisteáil ar Raidió na Life: An Ghaeilge, agus an Ceol.’
‘Tá dhá theanga le cloisteáil ar Raidió na Life: An Ghaeilge, agus an Ceol’
Bainisteoir Stáisiúin Rónán Ó Dubhthaigh ag an am
Mheal polasaí liobrálach ceoil an stáisiúin daoine nua le bheith ag éisteacht leis an raidió trí Ghaeilge freisin, fiú iad siúd nach raibh ach an cúpla focal acu, ach a raibh bá acu don teanga.
Is iomaí craoltóir cáiliúil a chur tús lena ngairmeacha craolacháin le Raidió na Life 106.4fm. Ina measc siúd, bhí Sharon Ní Bheoláin, príomhléitheoir nuachta RTÉ.
Arsa Sharon: ‘Guím gach rath ar Raidió na Life agus iad ag ceiliúradh tríocha bliain ar an aer. Creid é na ná creid, is ag bailiú vox pops le haghaidh an chláir An Tuar Ceatha, clár cúrsaí reatha a bhí ar Raidió na Life, ar bhuail mé le hEagarthoir Nuachta RTÉ, Pádraic Ó Gaora.
‘Seoladh leabhar filíochta de chuid Mhichíl D. Ó hUiginn ba ea an ócáid. D’iarr Pádraic orm triail scáileáin a dhéanamh le haghaidh an teilifís an lá sin.
Thuas ar an díon: Lá breithe Raidió na Life á cheiliúradh ag Fearghal Saxe, Muiris Ó Fiannachta agus Conchúr Ó Faoláin
‘Bhí an t-ádh dearg orm a bheith san áit cheart – Raidió na Life – ag an am ceart, agus níl dabht ar bith faoi sin.
‘Fiontar iontach is ea an stáisiún, go dtí an lá atá inniu ann, agus seoid speisialta i measc na meán Gaeilge.
‘Guím gach rath ar an stáisiún. Bainigí ceol as an lá agus comhghairdeas o chroí!’
‘Fiontar iontach is ea an stáisiún, go dtí an lá atá inniu ann, agus seoid speisialta i measc na meán Gaeilge’
Sharon Ní Bheoláin
Craoltóir móraitheanta eile a thosaigh a saol i Raidió na Life ná Sinéad Crowley.
Bhain Sinéad céim sa chumarsáid amach in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath agus thosaigh sí a saol craoltóireachta le Raidío na Life 106.4fmnuair a d’oscail an stáisiun in 1993.
Chaith sí trí bliana leis an staisiún, ag craoladh agus ag obair ar an bhfoireann bainistíochta.
Ina dhiadh sin chaith Sinéad beagnach tríocha bliain ag obair mar iriseoir, le RTÉ go príomha.
D’eirigh sí as a post mar Chomhghreagraí Ealaíon agus Meán an chraoltóra náisiúnta le déanaí agus tá sí ag obair anois mar Stiúrthóir Forbartha na Meán le Coimisiún na Meán.
Beirt de bhunaitheoirí RnaL, an tOllamh Máirín Nic Eoin agus Seosamh Ó Murchú i mbun cainte le Conchúr ar Eadra
Arsa Sinéad: ‘Thosaigh mé ag obair le Raidió na Life in 1993 nuair a d’oscail an staisiún.
‘Tús iontach a bhí ann do mo shaol craoltóireachta agus fuaireas taithí den chéad scoth ag obair anseo.
‘Is éisteoir fós mé agus guím gach rath orthu agus gach beannacht ar a gcomóradh 30 bliain inniu.’
Sinead Crowley
Arsa Muiris Ó Fiannachta, Bainisteoir Raidió na Life: ‘Tá Raidió na Life tríocha bliain beo. Cé a chreidfeadh. Lá iontach bródúil is ea é seo d’fhoireann agus do shaorálaithe Raidió na Life agus go háirithe do lucht bunaithe an stáisiúin.
‘Bhí fís ag dornán beag gníomhaithe teanga i mBaile Átha Cliath breis agus tríocha bliain ó shin chun an dara stáisiún raidió lán-Ghaeilge a chur sa tsiúl, stáisiún nua comhaimseartha a chuirfeadh táirge nua ar fáil, a thabharfadh guth don óige agus do Ghaeilgeoirí na hardchathrach agus a chuirfeadh stáisiún raidió spleodrach, spraíúil, siamsúil, ceanndána, nua-aimseartha agus réabhlóideach ar fáil d’éisteoirí, bíodh siad ina gcainteoirí dúchais, ina gcainteoirí líofa nó ina bhfoghlaimeoirí.
‘Lá iontach bródúil is ea é seo d’fhoireann agus do shaorálaithe Raidió na Life agus go háirithe do lucht bunaithe an stáisiúin’
Muiris Ó Fiannachta, Bainisteoir Raidió na Life
‘Táimid an-mhórtasach as an méid atá bainte amach ag Raidió na Life ó shin agus is léiriú ar fhís fhadradharcach na mbunaitheoirí go bhfuil an stáisiún fós anseo tríocha bliain níos déanaí; seirbhís raidió Ghaeilge thábhachtach fós á cur ar fáil againn do phobal Gaeilge Bhaile Átha Cliath agus na gcontaetha máguaird, agus do phobal na Gaeilge ar fud na tíre agus na cruinne arraidionalife.ie; agus an stáisiún ag dul ó neart go neart ó bhliain go bliain.
‘Tá buíochas agus tá aitheantas speisialta tuillte ag gach aon craoltóir deonach atá tar éis clár a chur i láthair ar an stáisiún, tuairisc a dhéanamh, vox pop a thaifeadadh, nó gig guide a chur i láthair, mar aon leis an dornán beag baill foirne íoctha – daoine díograiseacha iad ar fad – a d’oibrigh sa stáisiún thar ba blianta, agus ar ndóigh, an fhoireann iontach atá againn inniu – Fearghal Saxe, Marc Ó Loinsigh, Judy-Meg Ní Chinéide agus Conchúr Ó Faoláin.
‘Baineann siad amach éacht ag coinneáil RnaL ar aer ó lá go lá, agus is iad an fhuil a ritheann trí chuislí Chuisle na Cathrach.’
Fáiltítear i gcónaí roimh shaorálaithe nua agus tig le duine ar bith a bhfuil spéis acu triail a bhaint as clár a chur i láthair ar an stáisiún nó páirt a ghlacadh ar shlí ar bith a bheith i dteagmháil ag eolas@raidionalife.ie, nó ar na meáin shóisialta nó ar an suíomh gréasáin www.raidionalife.ie
Scéalta ExtraG.ie ó Luan go hAoine
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.