

An bhfuil amhrán i do chroí a mbeadh fonn ort go gcloisfeadh gach duine eile é – seo do dheis agus d’fhéadfá €2,500 a thuilleamh agus clú idirnáisiúnta a bhaint amach.
D’fhéadfá duaischiste €1,000 a fháil as an gcomórtas náisiúnta a bhuachan; agus má tá an bua agat ag an chomórtas idirnáisiúnta gheobhaidh tú an trófaí agus €1,500 sa bhreis.

Mar sin féin, níl mórán ama agat. An bhfuil amhrán agat?
Tá an spriocdháta le haghaidh iarratais don Chomórtas Amhrán Nua-Chumtha Pan Cheilteach ag druidim linn. Ní foláir iarratais a bheith istigh faoi 5i.n. Dé Luain, 8 Nollaig.
Is comórtas é seo chun amhrán a aimsiú le bheith san iomaíocht ar son na hÉireann ag Féile Idirnáisiúnta Pan Cheilteach 2026. Ní foláir don amhrán a bheith as Gaeilge agus is gá na focail agus an ceol a bheith nua chumtha.
Beidh fáilte roimh gach sórt amhráin don chomórtas áirithe seo ó stíl traidisiúnta go pop amhráin, amhráin tíre, rac, snagcheol agus eile.
Is leor mp3 an amhráin nó taifead ar fhón cliste ag an bpointe seo – níl gá le taifead proifisiúnta do chéad chéim seo an chomórtais.
Déanfar gearrliosta de na hiarratais agus cuirfear na hamhráin a roghnófar I láthair ag an gComórtas Náisiúnta beo a bheidh ar siúl Dé Sathairn, 24 Eanáir in Amharclann GB Shaw, Ceatharlach.
Beidh painéal de mholtóirí aitheanta ann chun na hamhráin a mheas ar fheabhas na bhfocal, an cheoil agus an cur i láthair.
Bronnfar duais airgid €1,000 agus trófaí náisiúnta ar an mbuaiteoir chomh maith leis an onóir canadh ar son na hÉireann ag an gcomórtas idirnáisiúnta le linn Féile Idirnáisiúnta Pan Cheilteach a bheidh ar siúl ó 7go dtí 11 Aibreán I gCeatharlach an Cháisc seo chugainn.
Is ansin a bheidh an t-amhrán in iomaíocht leis na hamhráin nua-chumtha eile a bheidh roghnaithe ag Alba, an Bhreatain Bheag, Oileán Mhanann, Corn na Breataine agus an Bhriotáin agus beidh €1,500 maille leis an trófaí idirnáisiúnta le buachan ansin.
Agus más mian leat cúpla leid maidir le snas a chur ar do shaothar, tá ceardlann á reáchtáil chun cabhrú leat.
Urraithe ag An tOireachtas, déanfaidh an ceoltóir agus cumadóir Fiach Ó Muircheartaigh an cheardlann a threorú Dé Sathairn, 15 Samhain in Ionad Ealaíne Visual, Ceatharlach ó 10.30rn go 3in.
Níl aon táille le híoc ach tá uimhreacha teoranta.

Tá sonraí uile an chomórtais agus foirmeacha iarratais ar fáil ar an suíomh gréasáin www.panceltic.ie. Agus tá tuilleadh eolais a fháil ach scríobh chuig pancelticcarlow@gmail.com nó glao ar 087 2857048, 085 1340047.
Is féidir iarratas a sheoladh go leictreonach chuig pancelticcarlow@gmail.com nó is féidir dlúthdhiosca a chur sa phost chuig Comórtas Amhrán Pan Cheilteach, Glór Cheatharlach, Áras na nÓg, Éire Óg, Bóthar Uí Bhriain, Ceatharlach R93 Y020.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.