Zohran Mamdani, an t-iarrthóir frith-Trump, ina Méara nua ar Nua-Eabhrac

Beidh Zohran Mamdani an chéad Mhéara Moslamach ar Nua-Eabhrac. Tá sé i bhfabhar na Palaistíne agus tá fuath ag Donald Trump dó

Is é Zohran Mamdani Méara Tofa Chathair Nua-Eabhrac le bua cinntitheach ar an iar-ghobharnóir Andrew Cuomo, a raibh tacaíocht Donald Trump aige.

Chuir Mandami síos air féin mar shóisialaí agus cháin sé ionsaithe Iosrael ar Ghaza go láidir, fiú ag tús an fheachtais mhíleata ann.

Fuair ​​Mamdani níos mó vótaí ná na hiarrthóirí eile go léir le chéile, lena n-áirítear Cuomo agus an Poblachtánach Curtis Sliwa.

Zohran Mamdani
Zohran Mamdani

Fuair ​​sé tacaíocht ó Barack Obama, ag deireadh a fheachtais toghcháin, agus meastar gur bagairt dhíreach ar Trump a bheartais.

Lá maith a bhí ann do na Daonlathaigh i dtoghcháin Mheiriceá. Bhuaigh Abigail Spanberger an toghchán chun bheith ina gobharnóir ar Virginia agus bhuaigh Mikie Sherrill an toghchán chun bheith ina gobharnóir ar New Jersey.

Roimh an toghchán dúirt Trump go laghdódh sé an méid maoinithe cónaidhme atá ar fáil do Nua-Eabhrac dá vótálfadh muintir na háite ar son Mamdani.

Agus labhair an Méara Tofa nua go díreach le Trump ina óráid bhuaiteach i mBrooklyn, ag gealladh go n-úsáidfeadh sé a ról i Halla na Cathrach chun dul i ngleic le polaitíocht dheighilte Trump.

Dúirt sé: ‘A Dhónaill Trump, ós rud é go bhfuil a fhios agam go bhfuil tú ag éisteacht, tá ceithre fhocal agam duit: Ardaigh an fhuaim (turn up the volume).’

Is cosúil go raibh an t-uachtarán ag éisteacht agus d’fhreagair sé ar an ardán meán sóisialta, Truth Social, leis an teachtaireacht: “AGUS MAR SIN TOSÓIDH SÉ (AND SO IT BEGINS)!”.

Rinne Trump iarracht freisin é féin a scaradh ó na caillteanais. D’áitigh sé ar na Poblachtánaigh ‘athchóiriú vótálaithe’ a rith chun fabhar a thabhairt don pháirtí sin i dtoghcháin amach anseo.

Tá Mamdani 34 bliain d’aois agus is sóisialaí daonlathach ó Queens, i Nua-Eabhrac.

Bhuaigh sé an toghchán le níos mó ná 50% den vóta.

Chríochnaigh Cuomo, 67, sa dara háit le beagán os cionn 40%, agus fuair an t-iarrthóir Poblachtach Curtis Sliwa beagán os cionn 7% den vóta.

Donald Trump
Donald Trump

Chomh maith le bheith ina chéad mhéara Moslamach i gCathair Nua-Eabhrac, is é Mamdani an chéad mhéara ó Dheisceart na hÁise agus an méara is óige i níos mó ná céad bliain freisin.

Nuair a sheol Mamdani a fheachtas do phost an mhéara an fómhar seo caite, ní raibh aithne air ach rinne sé feachtas ar son cíosanna a ísliú, tithíocht níos inacmhainne a thógáil, an pá íosta a ardú go dtí $30 san uair, busanna a dhéanamh saor in aisce agus cánacha a mhéadú ar chónaitheoirí is saibhre na cathrach.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram