Tá eagla fós ar lucht Palaistíneacha roimh ionsaithe Iosraelacha

Tá ionsaithe ar lucht Palaistíneacha ag leanúint ar aghaidh agus príosúnaigh scaoilte ag insint faoin gcruálacht i gcóras príosúin Iosraelach

Cé gur comhaontaíodh síocháin i nGaza, agus gur scaoileadh saor príosúnaigh ar an dá thaobh, tá eagla fós ar lucht Palaistíneacha faoina saol agus faoina dtithe.

Bhailigh sluaite móra i gcuid de na ceantair faoi fhorghabháil sa Bhruach Thiar Dé Luain chun fáilte a chur roimh na cimí (detainees) Palaistíneacha a scaoileadh saor, go leor acu tar éis blianta fada a chaitheamh i bpríosún.

Deir siad gur maraíodh ar a laghad 77 Palaistíneach i lárionaid choinneála Iosraelacha le dhá bhliain anuas, agus go bhfuil 360 páiste fós i bpríosún
Deir siad gur maraíodh ar a laghad 77 Palaistíneach i lárionaid choinneála Iosraelacha le dhá bhliain anuas, agus go bhfuil 360 páiste fós i bpríosún

Ach cé go raibh athaontaithe lán de dheora, bhí scéalta faoi mhí-úsáid, gorta agus drochíde chórasach ann freeisin.

‘Is cosúil le teacht ó ifreann go neamh,’ a dúirt Yasser Abu Turki le Al Jazeera. ‘Meascán mothúchán atá ann nach féidir liom cur síos a dhéanamh air – pian, áthas agus mothúcháin aisteacha.’

Dúirt Hidaya Dar Ahmed, deirfiúr duine de na príosúnaigh a scaoileadh saor, nach raibh an teaghlach ar an eolas faoi staid a dearthár ó 7 Dheireadh Fómhair.

‘Le dhá bhliain anuas, ní bhfuair sé aon chóireáil, tada… Is faillí d’aon ghnó atá ann ó riarachán príosún an Iosrael,’ a dúirt sí.

Tá imní léirithe ag tuairisceoir speisialta na NA ar an gcríoch Palaistíneach faoi fhorghabháil maidir le cosc ó fhórsaí Iosraelacha ar dhaoine sa Bhruach Thiar.

‘Glaonn siad síocháin air, ach do na Palaistínigh, tá baol ann gur cineál is measa den chinedheighilt atá ann,’ a scríobh Francesca Albanese ar na meáin shóisialta.

‘Caithfidh súile an domhain fanacht ar an bPalaistín. A mhuintir an domhain, ná cas bhur súile uaidh anois,’ a dúirt sí.

Deir údaráis Phalaistíneacha go bhfuil breis is 10,000 Palaistíneach fós á gcoinneáil go mídhleathach in Iosrael, in ainneoin an mhalartaithe príosúnach a tharla i nGaza.

Deir oifigigh gur scaoileadh 1,968 Palaistíneach saor ó thús an chomhaontaithe.

Deir siad gur maraíodh ar a laghad 77 Palaistíneach i lárionaid choinneála Iosraelacha le dhá bhliain anuas, agus go bhfuil 360 páiste fós i bpríosún.

Tá Philippe Lazzarini, ceannaire ghníomhaireacht na NA do dhídeanaithe Palaistíneacha (UNRWA), tar éis glaoch a chur ar iriseoirí idirnáisiúnta dul isteach i nGaza, ag rá go bhféadfaidís ‘tacaíocht a thabhairt agus ómós a léiriú do shaothar cróga iriseoirí Palaistíneacha’.

Dúirt sé go bhfuil sé in am anois go dtiocfadh oideachas agus cabhair dhaonnúil go Gaza, chomh maith le ‘síocháin trí leigheas, ceartas agus aitheantas frithpháirteach’.

Chuir sé fáilte roimh athaontú teaghlaigh Iosraelacha agus Palaistíneacha, ag rá gur thug siad ‘splanc dhóchais tar éis breis is dhá bhliain de dhorchadas iomlán.’

Tá lucht tacaíochta cearta Palaistíneacha ag rá nach féidir síocháin ná cobhsaíocht bhuan a bhaint amach fad is a leanann Iosrael leis faoi fhorghabháil
Tá lucht tacaíochta cearta Palaistíneacha ag rá nach féidir síocháin ná cobhsaíocht bhuan a bhaint amach fad is a leanann Iosrael leis faoi fhorghabháil

Tá lucht tacaíochta cearta Palaistíneacha ag rá nach féidir síocháin ná cobhsaíocht bhuan a bhaint amach fad is a leanann Iosrael leis faoi fhorghabháil  agus an daoirse.

Leanann Iosrael ag déanamh ionsaithe ar an Liobáin agus ar an tSiria, agus ag leathnú lonnaíochtaí mídhleathacha sa Bhruach Thiar.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram