Is é Andy Moran bainisteoir nua Mhaigh Eo – agus tá buaiteoir Chraobh na hÉireann ina fhoireann aige

Beidh laoch Maigh Eo Andy Moran ag teacht i gcomharbacht ar Kevin McStay mar bhainisteoir sinsearach, atá tiomanta do Chraobh na hÉireann a bhuachan

Is é Andy Moran an fear atá roghnaithe chun aisling is mó Mhaigh Eo a bhaint amach – Corn Sam Maguire a thabhairt abhaile, a deir RTÉ.

Beidh Moran ina bhainisteoir nua ar pheileadóirí sinsearacha Mhaigh Eo. Glacann sé seilbh tar éis Kevin McStay.

Andy Moran
Andy Moran

Beidh iar-imreoir Mhaigh Eo, Colm Boyle, agus Paddy Tally ar fhoireann bhainistíochta Moran.

Bhí Tally mar bhainisteoir ar Dhoire le déanaí, agus roimhe sin bhí sé mar chuid d’fhoireann chúltaca Chiarraí ag cuidiú leis an gcontae Craobh na hÉireann a bhaint amach i 2022.

Bhí bliain frustrach ag Maigh Eo in ainneoin gur shroich siad sraith Roinn 1 agus cluiche ceannais Chonnacht as a chéile, áit ar chaill siad i gcoinne na Gaillimhe.

D’imir Moran, atá as Bealach an Doirín (Ballaghaderreen), Co. Ros Comáin, do Bhealach an Doirín agus do Mhaigh Eo mar gheall ar dhiúltú go leor imreoirí CLG ón mbaile sin aitheantas a thabhairt d’Acht Rialtais Áitiúil 1898, a bhog Bealach an Doirín ó Mhaigh Eo go Ros Comáin.

Tá ocht dteideal Chonnacht buaite ag Moran, dhá bhonn Sraith Náisiúnta agus bhí sé ina All-Star faoi dhó.

Roimhe seo ainmníodh é mar bhainisteoir Liatroma in 2021 agus threoraigh sé an contae chun ardú céime ó Roinn 4 i 2023.

Ina dhiaidh sin ghlac sé ról cóitseála le Muineachán (Monaghan), ag obair le Gabriel Bannigan.

I 2017 ainmníodh Moran mar Pheileadóir na Bliana. Tá trí bhua Sigerson aige freisin le IT Shligigh agus tá dhá theideal contae lena chlub aige freisin.

Ach ba bhreá leis bua Craobh na hÉireann a bheith aige, fiú mar bhainisteoir.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram