I nDoire na dála tá craobh Maigh Eo Harte – agus bhí lá mór ag Lú … ach anois tá cluichí deacra acu le Ciarraí agus Dún na nGall

23/06/2024

Peile CLG – na cluichí atá ag teacht: Chruthaigh Doire go raibh a cáinteoirí mícheart, chruthaigh Maigh Eo go raibh a cáinteoirí ceart, agus cruthaithe Lú go raibh gach duine mícheart

Rinne Maigh Eo an rud a dhéanann siad i gcónaí agus rinne Lú rud éigin speisialta, le linn deireadh seachtaine iontach do pheil CLG.

Bhí bainisteoir Dhoire, Mickey Harte, sásta a rá lena cáinteoirí nach bhfuil deighilt ar bith sa champa – agus é ag moladh a chuid imreoirí as a mbua cróga (heroic).

Bhí an bua ag foireann Harte in aghaidh Mhaigh Eo
Bhí an bua ag foireann Harte in aghaidh Mhaigh Eo

Ach chuaigh an cluiche go dtí am breise ar dtús agus ansin chuig ciceanna éiricí (penalties) sula bhfuarthas  buaiteoir.

Ní dhearna bainisteoir Mhaigh Eo, Kevin McStay, iarracht fiú a chuid crá croí a cheilt.


Na cluichí ceathrú ceannais Peile Uile-Éireann

Ciarraí v Doire

Dún na nGall v Lú

Áth Cliath v Gaillimh

Ard Mhacha v Ros Comáin


Don tríú huair i gcluichí tábhachtacha craobhchomórtais, níor éirigh le Maigh Eo an bua a fháil nuair a bhí siad pointe amháin chun tosaigh in am gortaithe.

‘Is léir go bhfuil an-díomá orm go pearsanta. Agus tá aithne agam ar an bhfoireann. Caithfidh tú a bheith “bloody disappointed”. Tá ár séasúr thart.’

Mar sin féin, ní raibh aon cháineadh aige ar a chuid imreoirí.

‘Tá mé cinnte go raibh muid iomaíoch i ngach cluiche a d’imir muid,’ a dúirt sé.


Capture 1

Tá an tarraingt (draw) déanta ag an CLG do chluichí ceathrú
ceannais chraobh na peile le fios go mbeidh Baile Áth Cliath,
Ciarraí agus Dún na nGall i measc na gceithre fhoireann dheireanacha.


‘Chailleamar cluiche ceannais Chonnacht leis an gcic deireanach den chluiche. Bhí muid ar chomhscór le Baile Áth Cliath le cic deireanach an chluiche agus chaill muid inniu le cic éirice deireanach an chluiche. Tá sé sin dian,’ a dúirt sé.

Cé go ndúirt sé freisin gur cheart go mbeadh a fhoireann ‘beagán níos neamhthrócaire agus níos cliniciúla, agus ár dtreoir a shíneadh amach nuair ba cheart dúinn iad a shíneadh amach’.

Ach caithfidh sin tarlú an bhliain seo chugainn mar tá Maigh Eo imithe as an gcraobh anois.

Scéal eile a bhí ann do bhainisteoir Dhoire, Mickey Harte, a bhí cáinte le tamaill anuas as teipeanna a fhoirne go dtí seo sa chraobh.

Tar éis dóibh an tSraith a bhuachan, breathnaíodh ar Dhoire mar iomaitheoir Chraobh na hÉireann.

Mar sin féin, rinneadh go leor cáineadh nuair a bhí an bua ag Dún na nGall, ag Gaillimh agus ag Ard Mhacha orthu sa chraobh.

Agus mar sin, tar éis an bhua in aghaidh Mhaigh Eo, dúirt Harte gur de bharr carachtar na n-imreoirí a bhí sé.

Ba é an difríocht a bhí sa chluiche in aghaidh Mhaigh Eo ná go raibh cosaint Dhoire láidir agus is beag seans a thug siad do Mhaigh Eo cúl a fháil.

Dúirt Harte go raibh go leor botúin sa chluiche ach go raibh sé sin toisc go raibh a lán paisean ón dá thaobh agus cuireadh an brú orthu.’

Beidh Harte ag cur suime freisin i rath an Lú, a chuir ionadh ar gach éinne ina dhiaidh an bua a fháil ar pheileadóirí Chorcaí.

Ger Brennan
Ger Brennan

Bhí Harte ina bhainisteoir le Lú agus d’imigh sé le bheith ina bhainisteoir ar Dhoire – agus anois tá iar-pheileadóir Átha Cliath, Ger Brennan, ag cabhrú leis an bhfoireann a chruthú cé chomh maith is atá siad.

Tá siad isteach san ocht gcinn dheireanacha.

Dúirt imreoir Lú Sam Mulroy go bhfuil an bua ‘absolute massive’.

Seo é a gcéad am i gcluiche ceathrú ceannais na hÉireann.

Dúirt Mulroy: ‘Tá sé dochreidte. Seans nach bhfuil cuma ar bith air ag daoine eile ach tá sé “absolutely massive” mar gheall ar an áit as ar tháinig Lú le bheith sa bhabhta ceathrú ceannais anois.

‘Tá muid ag dul go Páirc an Chrócaigh agus táim chomh bródúil as gach duine a bhí páirteach ann.’


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

You might also like ...

Lean ExtraG.ie

Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram