Is iad Gaillimh seaimpíní shinsearacha camógaíochta

Is iad Gaillimh buaiteoirí na craobhchomórtais camógaíochta sinsearacha na hÉireann i ndiaidh cluiche ceannais drámatúil

Tar éis cluiche drámatúil, tá Gaillimh corónaithe mar seaimpíní shinsearacha camógaíochta na hÉireann don chúigiú huair.

D’imir Gaillimh i gcoinne Chorcaigh agus chuir siad cosc orthu trí chluiche as a chéile a bhuachan i bPáirc an Chrócaigh Dé Domhnaigh, agus an dá fhoireann ag iarraidh Corn Uí Dhuibhigh a ardú.

Mar sin féin, ní raibh ann ach ceann amháin de thrí chluiche ceannais camógaíochta iontacha le linn lá den scoth siamsaíochta i bPáirc an Chrócaigh.

Roimh an gCluiche Ceannas Sinsearach bhí an Cluiche Ceannas Sóisearach idir Ard Mhaca agus Laois, agus an Cluiche Ceannas Idirmheánach idir Uíbh Fhailí agus Ciarraí.

Captaen camógaíochta na Gaillimhe, Carrie Dolan
Captaen camógaíochta na Gaillimhe, Carrie Dolan

An Chluiche Ceannas Sóisearach: Ard Mhaca v Laois

Bhí sé soiléir ón chéad leath go mbeadh cluiche suntasach iomaíoch os ár gcomhair. Thosaigh Laois le cúl iontach taobh istigh den chéad nóiméad. 

Bhíodar ag bagairt don chúl. Mar sin féin, bhí Ard Mhacha in ann troid go láidir.

Bhíodar in ann seilbh a fháil ar ais agus Laois á chur faoi bhrú. B’fhéidir gur faoiseamh a bhí ar Laois leis an scór leath ama. Chríochnaíodar an leath ag comhscór – Ard Mhacha: 0:08 – Laois: 1:05.

Bhí Laois i gceannas ar an gcluiche sa dara leath.

Thosaigh Ard Mhaca le 2 pointe maithe. Ach ansin, ghlac Laoise seilbh ar an gcluiche. 

Cluiche fíor-sceitimíneach a bhí ann, agus bhí an bua tuillte ag Laois.

Imreoir an cluiche – Gráinne Delaney

An Cluiche Ceannais Idirmheánach: Uíbh Fhailí v Ciarraí

Bhí tús bríomhar ag Uíbh Fhailí le 4 pointe laistigh den chéad cúig nóiméad. Ach ar an drochuair, níor mhair an fuinneamh sin.

D’fhan an dá fhoireann ghar dá chéile i rith an chéid leath.

Ní raibh an gnáth-shuaimhneas ag Uíbh Fhailí os comhair an chúil.

Bhí go leor deiseanna ag Uíbh Fhailí chun ceannas suntasach a chruthú, ach níor bhain siad leas as na deiseanna sin. 

Thaispeáin Ciarraí agus Uíbh Fhailí araon a gcuid scileanna cosanta láidre, go háirithe Uíbh Fhailí.

D’éirigh le hUíbh Fhailí Ciarraí a choinneáil siar i rith an chéad leath. Chuaigh Uíbh Fhailí isteach sa bhris le pointe amháin chun tosaigh – Uíbh Fhailí 0:08 – Ciarraí 0:07.

Ní fhéadfainn a rá go raibh scéal an dara leath dhifriúil.

Ba é an chuid ba spreagúla ná an tarraingt ar an ngeansaí i dtreo dheireadh an chluiche, rud a thug ceithre phointe chun tosaigh d’Uíbh Fhailí.

Cluiche iomaíoch a bhí ann ag deireadh an lae. Ach ní bheidh Uíbh Fhailí ag smaoineamh faoi sin anois.

Ba í Grace Teehan Imreoir an Cluiche – gradam a bhí tuillte aici.

Ashling Thompson ó Chorcaigh le Annmarie Starr agus Ailish O’Reilly as Gaillimh. Pic: INPHO/Ben Brady
Ashling Thompson ó Chorcaigh le Annmarie Starr agus Ailish O’Reilly as Gaillimh. Pic: INPHO/Ben Brady

An Cluiche Ceannas Sinsearach: Gaillimh v Corcaigh

Cluiche conspóideach a bhí ann idir Gaillimh agus Corcaigh, seaimpíní na Craoibhe 2024 agus 2023. 

Bhíomar ag súil le cluiche lán le hionsaithe spleodracha agus cinnte, níor sheas na himreoirí siar in aon chor.

Fuair an Gaillmheach Mairéad Dillion cúl den scoth tar éis 13 nóiméad mar gheall ar phas iontach ó Aoife O’Donoghue.

Bhí cárta dearg ag Hannah Looney roimh leath ama mar gheall ‘clothesline’ feargach.

Thóg Gaillimh smacht ar an gcéad leath, cé go raibh súil go mbeadh an bua ag Corcaigh

Bhí cuma I bhfad níos ocraí ar Chorcaigh sa dara leath. Fuair Emma Murphy an chéad phointe sa dara leat tar éis 36 nóiméad.

Bhíodar spreagadh chun scéal an chluiche a athrú, fiú gan tionchar Hannah Looney.

Orlaith Cahalane as Corcaigh ag ceiliúradh tar éis di an chéad chúl a scóráil dá foireann le linn chluiche ceannais Chraobhchomórtas Camógaíochta Sinsearach Uile-Éireann Glen Dimplex. Pic: Sportsfile
Orlaith Cahalane as Corcaigh ag ceiliúradh tar éis di an chéad chúl a scóráil dá foireann le linn chluiche ceannais Chraobhchomórtas Camógaíochta Sinsearach Uile-Éireann Glen Dimplex. Pic: Sportsfile

Bhí na cúig nóiméad deireanach go hiontach.

Fuair Meabh Cahalane cúl thar barr ag 60 nóiméad chun an chluiche a tharraingt go comhscór. Ach bhí imreoirí an iarthair in ann pointe amháin eile a fháil chun  Corn Uí Dhubhthaigh a dhaingniú.

Cluiche den chéad scoth a bhí ann. Níor cheart go mbeadh díomá ar Chorcaigh. Bhíodar ar fheabhas. Ach tá Corn Uí Dhubhthaigh tuillte ag Gaillimh.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram