

Tá fiosrúchán dúnmharaithe curtha ar bun tar éis do mháthair le beirt pháiste a bheith aimsithe marbh i gContae an Dúin, a dúirt an PSNI.
Fuair na póilíní tuairisc tráthnóna Dé Sathairn faoi bhean a raibh gortú tromchúiseach uirthi i dteach ar Elmfield Walk, i nDomhnach Daoi (Donaghadee).

D’fhreastail na póilíní agus foireann otharchairr ar an láthair, áit ar cuireadh cóir leighis ar Sarah Montgomery, bean 27 bliain d’aois.
Ach fógraíodh go raibh an mháthair beirt marbh ar an láthair.
Tá fear 28 bliain d’aois gafa faoi amhras dúnmharaithe agus bhí sé i gcoinneáil ag na póilíní oiche Domhnaigh.
Dúirt an Bleachtaire-Cheannfort Tom Phillips gur dearbhaíodh go raibh Ms Montgomery ag iompar clainne nuair a thángadar uirthi marbh.
Ag labhairt dó faoin mbean, dúirt sé: ‘Tá an fiosrúchán seo fós ina chéim luath agus is cás thar a bheith tragóideach é.
‘Tá ár smaointe le teaghlach Sarah ag an am fíordheacair seo agus iad ag iarraidh teacht ar thuiscint ar an méid atá tarlaithe.
‘Tá oifigigh oilte ag tacú le teaghlach Sarah agus an fiosrúchán ar siúl.’
Dúirt an Ceannfort Yvonne McManus: ‘Tuigimid go mbeidh an nuacht seo ina cúis imní sa phobal.’
Chuir sí leis: ‘Aithnímid an tionchar domhain a bhíonn ag foréigean in aghaidh ban agus cailíní ar dhaoine, ar theaghlaigh agus ar an tsochaí i gcoitinne.’
Iarrtar ar aon duine a cheapann go bhféadfadh eolas acu cabhrú leis an bhfiosrúchán dul i dteagmháil leis na póilíní.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.