

Tá clanna na ndeichniúr a fuair bás sa phléasc i gCraoslach i mí Dheireadh Fómhair 2022 ag rá go raibh na pleananna forbartha don suíomh ‘maslach’ agus go maslaíonn siad na daoine a cailleadh.
Diúltaíodh do na pleananna sin le déanaí ag An Coimisiún Pleanála.

Léirigh na teaghlaigh i gCraoslach a mbuairt freisin gur chuala siad an cinneadh tríd na meáin sular inis An Coimisiún Pleanála do na dlíodóirí a bhí ag obair ar a son.
Bhíothas ag súil le cinneadh foirmeálta faoin achomharc ar an 14 Iúil, ach tháinig an scéal amach níos luaithe.
Fuair deichniúr bás sa phléasc tragóideach ag stáisiún seirbhíse i gCraoslach, Contae Dhún na nGall.
I measc na ndaoine a cailleadh bhí Robert Garwe agus a iníon chúig bliana d’aois, Shauna Flanagan-Garwe, Catherine O’Donnell agus a mac óg James Monaghan, Leona Harper, James O’Flaherty, Martina Martin, Hugh ‘Hughie’ Kelly, Jessica Gallagher agus Martin McGill.
I mí Feabhra 2024, thug Comhairle Contae Dhún na nGall cead pleanála do Vivo Shell Ltd an foirgneamh a scriosadh agus ceann nua a thógáil, le siopa, caidéil bhreosla, oifig an phoist, salon áilleachta, gairdín cuimhneacháin agus nithe eile i gCraoslach.
Ach dúirt An Coimisiún Pleanála nach raibh an fhorbairt oiriúnach don cheantar.
Luaigh siad go bhféadfadh sé drochthionchar a imirt ar athbheochan fadtéarmach an bhaile, agus nach raibh an dearadh ag teacht le plean forbartha an chontae.
Dúradh freisin nach raibh na gnéithe cuimhneacháin suite i gceart i gCraoslach.
Dhiúltaigh an Coimisiún cead éisteachta ó bhéal a thabhairt don achomharc a rinne na dlíodóirí Phoenix Law agus Damien Tansey Solicitors ar son na dteaghlach.
Bhí siad den tuairim gur chóir meas agus dínit a léiriú don talamh mar gheall ar an méid bróin agus caillteanais a tharla.
Dúirt Darragh Mackin ó Phoenix Law: ‘Creideann na teaghlaigh gur chóir don láthair seo a bheith báúil agus go léiríonn an cinneadh seo go bhfuil dlí agus ceart fós beo.’
Luaigh sé freisin go raibh sé ‘míchuí go huile is go hiomlán’ forbairt a mholadh agus fiosrúchán coiriúil fós ar siúl faoin phléasc i gCraoslach.

Labhair Ann Marie Boyle ar chlár ‘Nine ‘Til Noon’ ar Highland Radio agus dúirt sí: ‘Níor chóir go mbeadh sé seo fógartha leis na meáin sular inis siad dár ndlíodóirí é.
‘Bhíomar ag súil le freagra timpeall an 14 Iúil, ach anois tá sé ar an aer roimh gach duine.’
Tuigtear anois go bhfuil fiosrúchán na nGardaí faoin eachtra críochnaithe.
Tá sé fós le feiceáil cad a tharlóidh, ach tá na teaghlaigh ag iarraidh go ndéanfar cuimhne na ndaoine a fuair bás a urramú i gceart.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.