An choimhlint idir Conor McGregor agus Liam Cunningham faoin Freedom Flotilla: Cad a tharla?

Cé gur chabhraigh an Freedom Flotilla le daoine a chur ar an eolas faoi fhulaingt na bPalaistíneach i nGaza, bhí níos mó suime ag go leor daoine ar na meáin shóisialta sa choimhlint idir Conor McGregor agus Liam Cunningham, agus seo a tharla.

Tá an t-easaontas idir Conor McGregor, agus an t-aisteoir Éireannach, Liam Cunningham, fós ag dul ar aghaidh le daoine fós ag gearán ar na meáin shóisialta.

Thosaigh an agóid  nuair a rinne McGregor iarracht masla a chaitheamh ar an bhád cúnaimh an Madleen a bhí ag iarraidh cabhair dhaonnúil a thabhairt go Gaza leis an Freedom Flotilla.

D’úsáid sé pictiúr a foilsíodh ag Aireacht Gnóthaí Eachtracha Iosrael agus é ag magadh.

Liam Cunningham
Liam Cunningham

Faoi dheireadh ghabh fórsaí Iosraelacha gach duine a bhí ar bord, Greta Thunberg ina measc.

Bhí Liam Cunningham, aisteoir in Game of Thrones, páirteach sa Bhád Saoirse a d’eagraigh an turas agus bhí sé i láthair ag seoladh an bháid agus thacaigh sé leis an misean.

Scríobh sé ar X: ‘Ionsaíodh an Bád Saoirse i rith na hoíche. Rinneadh ionsaí ar an long, thángthas isteach uirthi, agus fuadaíodh na 12 oibrí deonacha.’

Luaigh sé freisin go raibh gníomhartha Iosrael ‘gránna’.

Is cinnte gur chuir sin isteach ar McGregor agus rinne sé iarracht magadh a dhéanamh faoi Cunningham agus faoi iarrachtaí na n-oibrithe deonacha seasamh an fód in aghaidh fhórsaí Iosrael, agus daoine a chur ar an eolas faoin bhfulaingt i nGaza.

Scaoil McGregor tweet magúil: ‘Cheap mé go raibh tú ar an mbád sin, a Liamo, cad a tharla? Dearmad déanta ar do spéaclaí snámha agat? Nó an bhfuair tú tinn ón ngargal? Cladhaire thú.’

Tháinig freagra géar ar ais ó Cunningham: ‘Ní raibh a fhios agam go raibh tú ábalta léamh agus scríobh, Conor. Cheap mé gur úsáid tú do lámha chun géilleadh i gcath.’

Lean an t-achrann ar aghaidh. Roinn McGregor pictiúr de Greta Thunberg a foilsíodh ar dtús ag Aireacht Gnóthaí Eachtracha Iosrael. Ina dhiaidh sin, scríobh sé: ‘Inis dúinn go bhfuil tú ag ullmhú le slán a fhágáil gan é a rá.’

Rinne McGregor tagairt do Liam Cunningham ag seoladh an bháid in éineacht le gníomhaithe eile, agus dúirt: ‘Dhá mhála lána agus réidh le dul! A Liamo, a chladhairín!’

Conor McGregor
Conor McGregor

Mhínigh Cunningham go raibh sé i gceist riamh nach mbeadh sé ar an mbád Madleen, mar gur soitheach beag atá ann. Dúirt sé nach raibh spás ná slí chuí ann dó.

Is gníomh siombalach a bhí i gceist le Madleen, le haird a tharraingt ar an ngéarchéim dhaonnúil i nGaza.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram