Gaza: 245 Palaistíneach maraithe ag fórsaí Iosrael ó cuireadh an sos cogaidh i bhfeidhm

De réir tuairiscí, tá sos cogaidh Gaza briste ag Iosrael 283 uair ar a laghad, agus tá siad fós ag cur bac ar chúnamh, a deir UNICEF

Tá trí dhuine ar a laghad maraithe ag fórsaí Iosrael i nGaza le 24 uair an chloig anuas, de réir oifigigh Palaistíneacha.

Agus tá 245 Palaistíneach ar a laghad maraithe ag an IDF ó tháinig an sos cogaidh i bhfeidhm ar an 10 Deireadh Fómhair.

Gaolta beirt Palaistíneach a maraíodh in ionsaithe Iosraelacha, ag caoineadh agus na coirp á dtabhairt chuig Ospidéal Nasser i Khan Yunis, Gaza ar an 10 Samhain 2025
Gaolta beirt Palaistíneach a maraíodh in ionsaithe Iosraelacha, ag caoineadh agus na coirp á dtabhairt chuig Ospidéal Nasser i Khan Yunis, Gaza ar an 10 Samhain

Tuairiscíodh freisin gur sháraigh Iosrael an comhaontú sos cogaidh 282 uair ar a laghad, trí leanúint d’ionsaithe ón aer, ó airtléire agus ó lámhach díreach.

De réir anailíse ó Al Jazeera, tá ionsaí déanta ag Iosrael i nGaza ar 25 lá as na 31 lá anuas den sos cogaidh, rud a chiallaíonn nach raibh ach sé lá ann nár tuairiscíodh aon ionsaithe foréigneacha, básanna ná gortuithe.

In ainneoin na n-ionsaithe leanúnacha, áitíonn na Stáit Aontaithe go bhfuil an sos cogaidh fós i bhfeidhm.

Idir an dá linn, níl tacaíocht á fáil do phleananna Mheiriceá maidir le fórsa síochána idirnáisiúnta faoi mandáid na Náisiún Aontaithe i nGaza.

Dúirt Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha (United Arab Emirates) nach bheidís páirteach mar nach bhfaca siad creat dlíthiúil soiléir don fhórsa go fóill.

Dúirt Iosrael cheana féin nach féidir leis an Tuirc dul isteach san fhórsa, dúirt an Iordáin nach rachaidh a gcuid trúpaí isteach, agus dúirt an Asarbaiseáin nach bheidís ag cur leis mura mbeadh sos cogaidh iomlán i bhfeidhm.

Ba mhaith leis na stáit Arabacha go dtabharfaí freagrachtaí níos mó do fhórsa póilíneachta sibhialta Palaistíneach ar leithligh.

Dúirt SAM go mbeadh siad i gceannas ar an bhfórsa cé nach mbeidh mórán trúpaí Meiriceánacha ann.

Tá smacht glactha ag SAM cheana féin ar sheachadadh cúnaimh dhaonnúil isteach i nGaza. Mar sin féin, tá fadhbanna ann fós agus níl an cúnamh ag dul isteach.

Chuir gníomhaireacht leanaí na Náisiún Aontaithe i leith Iosrael go raibh sí ag diúltú cúnamh riachtanach a thabhairt isteach i nGaza, lena n-áirítear 1.6 milliún steallaire (syringes) chun leanaí a vacsaíniú agus beagnach milliún buidéal foirmle do leanaí.

Dúirt UNICEF go raibh siad ag cur cosc ​​ar iarrachtaí chun níos mó ná 40,000 leanbh a imdhíonadh (immunize) a chaill vacsaíní gnáthaimh le linn na n-ionsaithe ag Iosrael.

Tá líon na mbásanna ann ar a laghad 69,182 agus tá 170,694 gortaithe ó Dheireadh Fómhair 2023.

Rinne oibrithe sláinte agus sibhialta adhlacadh mais Palaistíneach ag reilig i Khan Yunis, ar an 10 Samhain
Rinne oibrithe sláinte agus sibhialta adhlacadh mais Palaistíneach ag reilig i Khan Yunis, ar an 10 Samhain

Maraíodh 1,139 duine san iomlán in Iosrael le linn ionsaithe faoi stiúir Hamas ar an 7 Deireadh Fómhair 2023, agus gabhadh thart ar 200 duine.

Meastar go bhfuil na mílte corp daoine ar iarraidh fós curtha faoi smionagar i nGaza tar éis dhá bhliain de chogadh cinedhíothaithe Iosrael.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram