B&Q faoi bhrú mar gheall ar jab atá éasca ‘fiú más cailín thú’

Tá B&Q ag iarraidh idirdhealú ar bhonn inscne sa tionscal a bhriseadh síos – ach ní chabhróidh an fógra seo faoi chailíní agus obair leo

Tá an comhlacht DIY B&Q tar éis leithscéal a ghabháil tar éis do chustaiméirí gearán a dhéanamh faoi chur síos mí-oiriúnach ar tháirge ar a suíomh gréasáin.

Bhí an cur síos faoi chófra folctha bambú le feiceáil ar líne agus dúradh go raibh sé ‘éasca é a chur le chéile, fiú más cailín thú’.

Spreag sé sin cáineadh láithreach, agus cuireadh deireadh leis an bhfógra dá bharr.

Dúirt B&Q i ráiteas: ‘Gabhaimid leithscéal má gortaíodh aon duine leis an gcur síos mí-oiriúnach seo ar tháirge ó dhíoltóir tríú páirtí.’

Tá B&Q ag iarraidh bacainní inscne sa tionscal a bhriseadh síos agus tá sé tiomanta do líon íseal na mban i gceirdeanna a cheart
Tá B&Q ag iarraidh bacainní inscne sa tionscal a bhriseadh síos agus tá sé tiomanta do líon íseal na mban i gceirdeanna a cheart

Tagann an eachtra go míchuí tar éis do B&Q a fheachtas ‘Do The Lift Thing’ a sheoladh, le sprioc ann níos mó ban a spreagadh le dul isteach sna ceirdeanna mar adhmadóireacht, pluiméireacht agus maisiú.

Tá B&Q ag iarraidh bacainní inscne sa tionscal a bhriseadh síos agus tá sé tiomanta do líon íseal na mban i gceirdeanna a cheartú.

Bhí an cur síos ar an chófra ag teacht salach ar an teachtaireacht sin, dar le go leor tráchtaire faoi B&Q.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

Léigh Níos Mó

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram