Córas mar Hawkeye ag ‘checkout Tesco’ sa Bhreatain – an bhfuil siad ag teacht anseo?

Tá córas ‘self-service checkout’ ag Tesco sa Bhreatain atá cosúil le VAR nó Haweye – ag déanamh taifeadadh ar dhaoine

Tá córas nua ag Tesco sa Bhreatain, a dhéanann taifeadadh físe de chustaiméirí ag na seicphointí (checkout), agus níl custaiméirí sásta leis.

Níor tugadh an córas isteach in Éirinn go fóill, ach tá sé i bhfeidhm cheana féin i roinnt siopaí sa Bhreatain.

Tá imní ar dhaoine go dtabharfar an córas isteach in  ollmhargaí in Éirinn.

Mar sin féin is a mhalairt atá ar siúl le Booths, grúpa réigiúnach i Lancashire. Tá siad tar éis formhór a gcuid córais féinseirbhíse a bhaint agus filleadh ar fhoireann dhaonna
Mar sin féin is a mhalairt atá ar siúl le Booths, grúpa réigiúnach i Lancashire. Tá siad tar éis formhór a gcuid córais féinseirbhíse a bhaint agus filleadh ar fhoireann dhaonna

Is é an aidhm atá leis an gcóras ná daoine a chur ar a n-airdeall go bhfuil feitheoireacht (monitoring) á dhéanamh orthu.

Mar sin féin, tá custaiméirí míchompordach leis an smaoineamh go bhfuil siad á dtaifeadadh (recorded) agus á dtaispeáint ar scáileán poiblí.

Mura ndéanann custaiméir táirge a scanadh – fiú más mála plaisteach é – feicfear teachtaireacht: ‘Is cosúil nár scanadh an táirge deireanach. Seiceáil le do thoil sula leanann tú ar aghaidh.’

Agus taispeántar an gníomh ar an scáileán.

Dar leo siúd a thacaíonn leis an gcóras nua, tá éifeacht shíceolaíoch ag baint leis – d’fhéadfadh sé daoine a spreagadh gan iarracht a dhéanamh rudaí a ghoid.

Tá siopaí eile, cosúil le Sainsbury’s, tar éis córas cosúil leis a chur i bhfeidhm, ag leanúint an treo céanna maidir le teicneolaíocht nua.

Mar sin féin is a mhalairt atá ar siúl le Booths, grúpa réigiúnach i Lancashire. Tá siad tar éis formhór a gcuid córais féinseirbhíse a bhaint agus filleadh ar fhoireann dhaonna.

An toradh ar sin? Ardú suntasach i sástacht chustaiméirí.

Dúirt Nigel Murray, stiúrthóir bainistíochta Booths, gur léim a scór sástachta custaiméirí ó 70 as 100 go 74 as 100 ó rinneadh an cinneadh i mí na Samhna 2023.

Dúirt sé: ‘Ní mar gheall ar dheireadh a chur le cuntair íocaíochta féinseirbhíse amháin atá sé sin, ach maidir le seirbhís tá scór iontach bainte amach againn.’

Mhol sé luas agus comhsheasmhacht na foirne freisin, agus dúirt sé go mbíonn éifeachtacht níos fearr mar thoradh ar athrá rialta.

‘Má tá duine éigin ag déanamh an jab sin ar feadh sé, seacht, ocht n-uaire an chloig sa lá, déanfaidh siad é níos fearr ná duine a úsáideann é uair amháin gach cúpla lá,’ a dúirt sé.

Tá sochar ollmhór ann don phobal áitiúil freisin, agus tá na daoine sa cheantar an-sásta leis.

Agus i mí Eanáir, dúirt an Comhairleoir Willie Quinn le Comhairle Contae Cheatharlach (Carlow) go raibh sé ‘an-bhrónach’ foireann bheag a fheiceáil ag obair ag cuntair íocaíochta ag an Penneys áitiúla, áit ar tugadh isteach cuntair íocaíochta féinseirbhíse nua díreach roimh an Nollaig.

Dúirt sé: ‘Bhí 13 cuntar íocaíochta ann agus ní raibh ach cúigear ag obair iontu – ba mheaisíní iad an chuid eile.

‘An é sin an bealach atá ár dtír imithe? Ag casadh ár ndroim ar ár ndaoine agus ar ár bpoist féin.’

Diúltaíonn go leor daoine cuntair íocaíochta féinseirbhíse a úsáid ar phrionsabal ach tá sé sin níos deacra le blianta beaga anuas.

Mar sin féin, is cosúil go bhféadfadh a ndiongbháilteacht teacht chun cinn sa deireadh.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram