Deir Uisce Éireann: Ná bac leis an drochaimsir, caithfear uisce a chaomhnú

20/05/2025

Tá toirneach agus báisteach throm ann ach tá gá fós le huisce a chaomhnú, a deir Uisce Éireann.

Tá eagla ar Uisce Éireann faoi ghéarchéim uisce de bharr na haimsire an-tirim a bhí againn. Cé go bhfuil an aimsir te thart, tá siad ag impí ar an bpobal úsáid uisce a laghdú.

De réir Uisce Éireann, tá soláthairtí uisce faoi bhrú ó bhí an geimhreadh an-tirim, agus meastar go leanfaidh an aimsir ghrianmhar.

Bhí toirmeasc curtha isteach cheana féin ar úsáid píobáin i roinnt ceantar.

Dúirt Margaret Attridge ó Uisce Éireann go bhfuil ‘stádas triomaigh’ ag roinnt contae.

Cé go bhfuil an aimsir te thart, tá Uisce Éireann ag impí ar an bpobal úsáid uisce a laghdú
Cé go bhfuil an aimsir te thart, tá Uisce Éireann ag impí ar an bpobal úsáid uisce a laghdú

‘Ciallaíonn sé sin nach bhfuil dóthain san fhoinse chun an scéim a sholáthar ina hiomláine, agus tá orainn bearta a dhéanamh chun tacú leis an éileamh sin,’ a dúirt sí.

Mar shampla, bíonn uisce á iompar i dtancaeir chuig taiscumair i gceantair áirithe, ionas nach dtabharfaidh custaiméirí faoi deara aon chur isteach, a deir Uisce Éireann.

In áiteanna eile, bíonn srianta oíche i bhfeidhm – múchtar an t-uisce san oíche agus bíonn dóthain uisce i dtancanna na dtithe le go mbeidh soláthar ann go maidin.

Nuair a fiafraíodh Uisce Éireann faoi phleananna eile, dúirt Attridge go mbíonn siad ag faire ar an aimsir.

‘Ní bhíonn ordú caomhnaithe uisce á chur i bhfeidhm gan cúis mhaith. Tá sé casta agus tógann sé am, ach táimid ag ullmhú dó más gá é.’

Luaigh Uisce Éireann freisin go bhfuil obair mhaith á déanamh i mBaile na nGallóglach, Co. Dhún na nGall, le caillteanas uisce laghdaithe go 12% agus an tarraingt as an loch laghdaithe 40%.

Mhol sí an comhoibriú ón bpobal ansin agus d’impigh sí ar dhaoine ar fud na tíre oibriú le chéile le huisce a chaomhnú.

Idir an dá linn, tá aimsir álainn fós á taitneamh againn – ach ní mar sin atá.

Dúirt an réamhaisnéiseoir Linda Hughes ó Met Éireann go mbeidh toirneach agus báisteach throm ar an Céadaoin, agus faoi Déardaoin beidh tionchar na haigéine Atlantach le brath – ag tabhairt aimsir níos fuaire isteach.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram