

Tá sé léirithe ag Príomh-Aire Cheanada Mark Carney go dtagann tacaíocht ó vótálaithe tar éis seasamh in aghaidh bhagairtí Donald Trump.
Ag an am céanna, tá Trump tríonna chéile tar éis do phobalbhreitheanna a thaispeáint nach maith le Meiriceánaigh an méid atá á dhéanamh ag a rialtas.

Bhí an bua ag Carney i gcoinne ceannaire an Pháirtí Choimeádaigh Pierre Poilievre’
I gcaint bhuaiteach in Ottawa, Carney: ‘Tá an tUachtarán Trump ag iarraidh sinn a bhriseadh ionas gur féidir le Meiriceá seilbh a ghlacadh orainn – ní tharlóidh sé sin choíche.
‘Troidfimid ar ais le gach a bhfuil againn chun an margadh is fearr a fháil do Cheanada.’
Chuir gníomhartha an Uasail Trump fearg ar Cheanadaigh agus thug siad tacaíocht don Uasal Carney.
Agus is cosúil anois go bhféadfadh gníomhartha Uachtarán Mheiriceá Ceanada a dhéanamh níos láidre.
Dúirt Carney: ‘Táimid thar an gheit a baineadh dínn, ach níor cheart dúinn dearmad a dhéanamh ar na ceachtanna a d’fhoghlaimíomar uaidh.’
Idir an dá linn, tá an tUachtarán Trump chomh híseal le 39% sna pobalbhreitheanna tar éis a chéad 100 lá in oifig.
Agus tá sé tar éis freagairt intuartha a thabhairt ar sin, ag rá gur cheart na grúpaí meán a d’fhoilsigh na pobalbhreitheanna a imscrúdú le haghaidh ‘calaois toghcháin’.
Bhí sé ag caint faoin an New York Times a d’fhoilsigh pobalbhreith a léirigh go raibh tacaíocht 42% aige, ABC News/The Washington Post, a thug 39% dó agus Fox News, a chur an figiúr ar 44%.
Ghlac Carney seilbh ar an ról mar phríomh-aire i gCeanada tar éis do Justin Trudeau éirí as níos luaithe i mbliana.
Ar dtús, bhí an chuma air go mbuafadh na Coimeádaigh, atá sa Fhreasúra, aon toghchán i gCeanada; agus sna pobalbhreitheanna bhí ceannas níos mó ná 10% acu.
Bhí sé sin sular éirigh an tUasal Trudeau as; agus mar thoradh ar idirghabháil ó Trump, tháinig borradh faoi thacaíocht do pháirtí an Uasail Carney.
Bhí an tUasal Trump ag rá arís agus arís eile go mbeadh Ceanada ar an 51ú stát sna Stáit Aontaithe.
Chomh maith leis sin tá taraifí diana curtha i bhfeidhm aige ar Cheanada.
Agus I rith an toghcháin geall Carney cur chuige níos déine a ghlacadh le Washington maidir lena tharaifí agus dúirt sé go mbeidh ar Cheanada na billiúin a chaitheamh chun a spleáchas ar na Stáit Aontaithe a laghdú.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.