

Tuairiscíodh an tseachtain seo go raibh taistealaithe ag dul go Meiriceá á gceistiú i gcaoi ionsaitheach ag oifigigh teorann in Aerfort Bhaile Átha Cliath.
Deimhníodh freisin go bhféadfadh údaráis inimirce Mheiriceá féachaint ar chuntais na meán sóisialta agus diúltú víosa nó cead fanachta a thabhairt do dhaoine a chuireann ábhar frith-Sheimíteach suas, de réir rialacha nua Donald Trump.

Tá Réamhcheadú SAM (US Preclearance) ar fáil in Aerfort Bhaile Átha Cliath – ceann de na haerfoirt is lú lasmuigh de Mheiriceá a chuireann é ar fáil.
Ciallaíonn sé sin go gcríochnaíonn paisinéirí a gcuid seiceálacha custaim agus inimirce roimh an eitilt, agus tagann siad isteach go Meiriceá mar thaistealaithe baile. Cé go bhfuil sé áisiúil, tá sé tábhachtach ullmhú i gceart.
Moltar a bheith ann trí uair an chloig roimh d’eitilt, go háirithe i rith séasúir gnóthacha. Tá roinnt céimeanna le dul tríd: seiceáil isteach, slándáil na hÉireann, scagadh CBP SAM, agus seiceáil talmhaíochta uaireanta.
Bí cinnte go bhfuil do phas bailí agat, do phas bordála, agus ESTA ceadaithe (nó víosa má tá sé ag teastáil). Taispeáin na cáipéisí go tapa ag barr an líne. Má tá tú ag úsáid Visa Waiver Program, iarr ar ESTA 72 uair roimh thaisteal.
Ná tabhair earraí toirmiscthe leat godtí an aerfort. Tá srianta ar bhia, plandaí, agus leachtanna. Má tá aon rud le dearbhú agat (airgead tirim mór, bia, srl.), déan é go macánta.
Má tá tú buartha faoi iniúchadh ar d’fhón nó ar na meáin shóisialta gus tú ag an aerfort, smaoinigh ar ghléas sealadach a thabhairt leat.
Dúirt Patti Shields ó Democrats Abroad le déánaí go bhfuil saoránaigh Mheiriceánacha ag roinnt comhairle le chéile faoin gcaoi le dul i ngleic leis na hathruithe ag an aerfort.
‘Tá siad ag moladh gan ríomhaire glúine nó fóin phearsanta a thabhairt leo chun fadhb a sheachaint,’ a dúirt sí.

Lean na comharthaí go dtí US Preclearance. Freagair ceisteanna faoin turas, cóiríocht, airgead agus pleananna filleadh go soiléir agus le ciúnas. Is féidir thú a dhiúltú más rud é go bhfuil amhras ann.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.