Imní ann faoi Conor McGregor tar éis físeán dó ag ól le réaltaí YouTube

10/04/2025

Tá dhá throid fágtha ag McGregor ar a chonradh leis an UFC ach tá lucht leanúna an spóirt den tuairim go bhfuil sé ar scor

Tá imní ar lucht leanúna an UFC faoi thodhchaí Conor McGregor mar throdaí tar éis a chonacthas é ag ól le réaltaí YouTube as Meiriceá.

Tá dhá throid fágtha ag McGregor ar a chonradh leis an UFC, ach níor throid sé ó 2021, nuair a chaill sé an tríú troid in aghaidh Dustin Poirier.

Bhíothas ag súil go dtroidfeadh sé Michael Chandler anuraidh, ach tharraing sé siar mar gheall ar ghortú dhá sheachtain roimh an troid.

McGregor
Conor McGregor

Le déanaí, tá McGregor ag labhairt faoin mian atá aige a bheith mar Uachtarán na hÉireann.

Tá sé tar éis rá go bhféadfadh sé dul ar scor ón troid, ach ansin dúirt sé go dtiocfadh sé ar ais fós.

Ach chuir físeán nua imní ar dhaoine: McGregor ag ól le The Nelk Boys, YouTubers cáiliúla, sa Black Forge Inn.

Chas an grúpa le McGregor agus a bhanna cailíní nua, Sweet Love.

Shínigh sé an banna sin lena chomhlacht ceoil Greenback Records níos luaithe i mbliana.

Taispeánadh McGregor ag canadh Angels le Robbie Williams agus ag múineadh don ghrúpa conas Black Forged Stout a dhoirteadh sula n-ól sé pionta amháin.

Ghlac siad grianghraif leis agus le na criosanna UFC, agus d’ól siad Tequila Rose sula d’fhág siad.

Dúirt go leor daoine ar líne go raibh siad buartha faoi iompar McGregor.

Dúirt duine amháin: ‘Tá Conor ar scor 10000%’. Dúirt duine eile: ‘Ní fheicfimid é ag troid arís’. Thagair duine eile do chailliúint McGregor in aghaidh Khabib in 2018.

image 40

Dúirt lucht leanúna eile: ‘Táim buartha faoi. Ní mhaireann saol ólacháin agus cóisire i bhfad.’

Dúirt duine eile: ‘Is i bhfad óna bhí sé fadó. Bhí sé inspioráideach agus dírithe, ach anois níl sé cosúil le duine atá sásta lena shaol.’

Tá McGregor fós dearfa go rithfidh sé don Uachtaránacht i mí na Samhna, ach beidh 20 ball d’Oireachtas nó ceithre chomhairle áitiúil ag teastáil uaidh chun ainmniúchán a fháil.

Tá go leor ball tar éis rá nach dtacóidh siad leis.

Fiú dá bhfaigheadh sé ainmniúchán, deir pobalbhreith nua nach vótálfadh ach 7% dó.

Tá seans 16/1 aige an uachtaránacht a bhuachan, de réir Boylesport – na seansanna céanna atá ag Emily O’Reilly agus Tommy Tiernan.

Tá an seans is fearr ag Mairéad McGuinness teach i gcomharba ar Michael D Higgins dar le na geallghlacadóirí.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram