Déagóirí: An bhfuil tú Nábalta agus tú ag caint leo? TGBÉ (Tóg go bog é!)

05/03/2025

Ní thuigeann tú na déagóirí? Ná bí buartha, tá gluais againn in ExtraG.ie leis na téarmaí is coitianta – agus tá siad i nGaeilge!

Sa lá atá inniu ann, bíonn mearbhall ar thuismitheoirí de bharr na téarmaíochta aisteach a bhaineann déagóirí úsáid as, cosúil le ‘finsta’, ‘moots’, ‘bussin’, agus ‘drip’.

Ach céard is brí leis an bhfocal ‘Finsta’ agus é á úsáid ag déagóirí?

Is éard atá i gceist leis ná cuntas bréagach Instagram a úsáideann déagóirí chun an dallamullóg a chur ar a dtuismitheoirí.

Céard is brí leis an bhfocal 'Finsta' agus é á úsáid ag déagóirí?
Céard is brí leis an bhfocal ‘Finsta’ agus é á úsáid ag déagóirí?

I measc an bhéarlagair bhacaigh a bhíonn in úsáid ag déagóirí, ní thuigeann 39% de thuismitheoirí ó Gen X an téarma ‘GRWM’ (Get Ready With Me).

Freisin, ní thuigeann 39% de thuismitheoirí an téarma ‘poggers’. Is é sin focal a úsáideann déagóirí le díograis nó bríomhaireacht a chur in iúl.

Chomh maith le sin, ní thuigeann an-chuid tuismitheoirí, sa lá atá inniu ann, frásaí cosúil le ‘OOTD’ (Outfit Of The Day), ‘CL’ (Can’t Lie) agus ‘Clappered’ –   is é sin focal a thugann le fios go bhfuil an duine atá ag déanamh teagmháil leat tuirseach traochta.

Dar le suirbhé ó Tesco Mobile, d’admhaigh 27% de dhéagóirí go raibh ‘finsta’ acu – rud a chiallaíonn go bhféadfadh an-chuid tuismitheoirí a bheith aineolach faoin méid atá ar siúl ag na déagóirí ar líne.

Tá an nuathéarmaíocht seo deacair go leor do lucht an Bhéarla mar atá feicthe againn cheana féin –  ach caithfidh go bhfuil sé i bhfad níos measa do lucht na Gaeilge.

Ach ná bíodh imní oraibh, seo 20 téarma nua a bhíonn á úsáid ag na déagóirí agus tá ExtraG théis Gaeilge a chur orthu!

GLUAIS TÉARMAÍOCHTA

1. Instabréag: Cuntas bréagach Instragram nó ‘Finsta’

2. FAL: Feistis an Lae

3. ‘Cuir hata ar do bhata’: Gnéas sábhailte

4. ‘Comh fuar le bod an chapaill’: Préachta leis an bhfuacht

5. Sceitimíní na gKeitimíní: Ar bís 6.

PSL: Preabadh sa Leaba

7. ‘Marbh le tae agus marbh gan é, ach b’fhearr leath-chupán tae ná latte’: Seanfhocal ársa a thugann le fios go bhfuil cupán tae ag teastáil

8. TIMC: Tite i mo chodladh

9. ‘Tá tú ag eascainí os comhair mo focain leaid óg’: Frása breá a thugann le fios go bhfuil duine eile drochbhéasach agus gáirsiúil

10. ABMTAG: Ag Briseadh Mo Thóin Ag Gáire

11. Comh gé le gandal: Breá aerach

12. AGAOA: Ag gáire amach os ard

13. Nábalta: Níl mé ábalta

14. Poncánach: Duine as Meiriceá nó ‘Yank’

15. NASAA: Níl Ach Saol Amháin Agat

16. Bríomharán: Duine a bhíonn sceitimíní agus díograis orthu go minic

17. AMB: A mhaighdean Beannaithe (Cosúil le OMG i mBéarla)

18. DP: Dáiríre píre

19. Fágtha i mo staic ag poitín Leitir Fraic: An-ólta

20. TGBÉ: Tóg go bog é


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram