Maraíodh beirt ina ndéagóirí déanacha agus gortaíodh déagóir eile tar éis timpiste aon fheithicil i nDún na nGall maidin Dé Luain.
Tharla an eachtra ag thart ar 12.45rn maidin Dé Luain ar an R238 i ‘Terawee’, Gleann Aola i gCo Dhún na nGall.
Bhí an triúr sa charr ag am na timpiste.
Maraíodh fear agus bean, a raibh an bheirt acu ina ndéagóirí déanacha.
Tá a gcorp tugtha go hOspidéal Ollscoile Leitir Ceanainn (Letterkenny).
Tá an dara fear, agus é sna déaga déanacha, tugtha go hOspidéal Ollscoile Leitir Ceanainn le gortuithe nach bhfuil bagairt saoil air.
Tá láthair na timpiste dúnta, ar feitheamh imscrúdaithe ag Imscrúdaitheoirí Fóiréinseach.
Tá Gardaí i mBun Cranncha (Buncrana) ag iarraidh ar fhinnéithe ar bith, go háirithe iad siúd a bhfuil píosaí scannáin ceamara orthu, a bhí ag taisteal ar an R238 idir 12am meán oíche agus 1am Dé Luain, 6 Samhain, teacht chun cinn.
Is féidir le haon duine a bhfuil faisnéis acu dul i dteagmháil le Stáisiún na nGardaí Bhun Cranncha ar 074 932 0540, Líne Rúnda na nGardaí ar 01 666 111, nó aon stáisiún Gardaí.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.