

Thug bainisteoir Chiarraí Jack O’Connor ómós do sheanlaoch na Ríochta Johnny Culloty, anois go bhfuil sé ar shlí na fírinne.
Fuair Culloty bás Dé Luain agus é 88 bliain d’aois. Bhí an peil Ghaelach mar lár-chuid dá shaol agus chaith sé seal le foireann Chiarraí mar imreoir agus mar bhainisteoir.

Bhuaigh Culloty chúig Chraobh na hÉireann mar imreoir agus d’éirigh go maith leis sa chluiche ceannais mar bhainisteoir i 1972, sula ceapadh Mick O’Dwyer i 1975. D’oibrigh sé mar bhainisteoir cúntach do O’Connor freisin níos déanaí.
Bhí Culloty mar chaptaen na foirne nuair a d’ardaigh Ciarraí Corn Sam Mhic Uidhir i 1969 nuair a thug an Ríocht aghaidh ar Uíbh Fhailí sa chluiche ceannais.
D’admhaigh O’Connor go raibh an-tionchar ag Culloty air mar bhainisteoir, agus aithníodh go raibh tuiscint mhaith aige ar struchtúr na taobhlíne.
‘Bhí Johnny Culloty cosúil le hathair domsa’, a dúirt O’Connor. ‘Ba chara den chéad scoth é agus aireoimid uainn é.’
‘D’oibrigh muid le chéile lena faoi-21 i 1998 agus 1999 agus bhuamar Craobh na hÉireann sa chéad bhliain. Bhí sé mar roghnóir liom i 2004 nuair a bhí mé i gceannas ar an bhfoireann shinsearach. Fear iontach a bhí ann, bhí taithí den chéad scoth aige agus bhí sár-thuiscint aige ar an gcluiche.
‘Chuir sé mé ar an eolas faoi na traidisiúin a bhain le peil Chiarraí, theastaigh uaidh i gcónaí go n-imreoidh Ciarraí peil sa chaoi ceart, le stíl, in ainneoin na dtorthaí. Bhí nasc ann idir eisean agus Dr Eamonn O’Sullivan – d’imir sé faoi bhainistíocht Dr Eamonn – agus an-chuid de na rudaí a chreid Dr Eamonn, thug Johnny é sin don chéad ghlúin eile.
‘Fear umhal ab ea Johnny, ach bhí sé thar a bheith éirimiúil agus bhí sé in ann peileadóirí a mheasadh go maith.’
‘Deirinn i gcónaí, bhí Johnny in ann peileadóir a mheasadh sa chaoi chéanna is go raibh Vincent O’Brien in ann capall rása a mheasadh,’ a dúirt O’Connor faoi Culloty.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.