

Tá na Gardaí ag díriúar an sruthú mídhleathach (illegal streaming) le déanaí agus eisíodh 13 fógra dleathacha chuig daoine a raibh ‘boscaí bradacha’ acu.
Seoladh na fógraí seo ar fud fad na tíre, Baile Átha Cliath, Corcaigh, Luimneach agus Dún na nGall ina measc.
Is gléasanna iad ‘boscaí bradacha’ a ligean do dhuine breathnú saor in aisce ar chláir teilifíse a íoctar as de gnáth.
Tugann mangairí nasc nó cód chuig custaiméirí le go mbeidh siad in ann breathnú ar scannáin, spórt agus níos mó.
De gnáth, íoslódáiltear an t-ábhar ar Amazon Fire Stick agus is féidir é seo a chur isteach sa teilifís.
Is féidir leis an gcostas le haghaidh ‘bosca bradach’ a bheith chomh híseal le €50 in aghaidh na bliana.

Bíonn mangairí ag briseadh an dlí nuair a sháraíonn siad cóipcheart.
De réir Acht an Chóipchirt 2000, bíonn fíneáil suas go €127,000 nó téarma príosúin 5 bhliain ann má sháraítear cóipcheart.
Téann an t-airgead ó na Boscaí Bradacha i dtreo coiriúlacht eile go minic.
Thosaigh na Gardaí ag díriú go daingean ar na boscaí bradacha seo i 2023 nuair a thaispeáin tuairisc ón Aontas Eorpach go raibh 171,000 daoine sa tír ag baint úsáid as na seirbhísí seo – an séú ráta is airde san Eoraip.
Cé go bhfuil na Gardaí tar éis díriú ar mhangairí na ngléasanna seo, tá sé fós i gcoinne an dlí ceann a bheith agat sa bhaile.

Anuraidh, fuair athair pósta le ceathrar páiste téarma sa phríosún de bharr go raibh brabús €1m déanta aige óna ghnó mídhleathach lena boscaí bradacha.
Bhí Ciaran i gceannas ar King Kong Media, comhlacht a bhí ag tiomsú airgid ó chustaiméirí le go mbeadh siad in ann stáisiúin teilifíse cosúil le Sky agus BT Sports a fháil.
Gearradh téarma trí bliana agus ceithre mhí ar Donovan, agus an dá bhliain dheireanach ar fionraí ar feadh 30 mí de réir coinníollacha áirithe – ceann dóibh nach féidir baint a bheith aige le sruthú teilifíse mídhleathach.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.