

Tá an Rialtas ag dul i ngleic le fadhb an easpa maoinithe d’Fhoras na Gaeilge ag an leibhéal is airde – tar éis éileamh ó Chonradh na Gaeilge.
Dúirt an Tánaiste Simon Harris go dtuigeann sé an tábhacht a bhaineann leis an easpa maoinithe agus go mbeidh sé féin ag dul i ngleic leis an fhadhb.
Fógraíodh ag tús na míosa go mbeidh ciorruithe €817,845 ar mhaoiniú na heagraíochta tras-teorainne a chuireann airgead ar fáil do thionscnaimh na Gaeilge.

Deir gníomhairí go bhfuil an múnla maoinithe don Ghaeilge ar fud na 32 contae briste agus mar sin d’eagraigh an Conradh cruinniú an tseachtain seo le plean gnímh a chur le chéile.
Ag labhairt dó le ExtraG.ie faoin gcruinniú dúirt Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge Julian De Spáinn go bhfuil an DUP ag cur i gcoinne múnla maoinithe an Fhorais a athrú, agus mura féidir dul i ngleic le seo, beidh ar Rialtas na hÉireann socrú eile a dhéanamh le maoiniú a chur ar fáil d’eagraíochtaí teanga.
Dúirt sé: ‘Tá a fhios againn go bhfuil múnla éigean á moladh ach tá an DUP ag diúltú glacadh leis faoi láthair.
‘Sa chás nach féidir an múnla maoinithe a dheisiú, beidh gá le bealach eile chun an maoiniú a chur ar fáil.’
Ina dhiaidh sin bhí cruinniú ag Aire na Gaeltachta Dara Calleary tráthnóna Dé Céadaoin le Cathaoirleach agus Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, Regina Uí Chollatáin agus Seán Ó Coinn chun plé a dhéanamh ar ‘na dúshláin airgeadais’ atá roimh an eagraíocht, de réir Tuairisc.ie.
Agus in a dhiaidh sin dúirt an Tánaiste Simon Harris go mbeidh sé féin ag dul i ngleic leis an fhadhb.
Níl aithne ar an Uasal Harris, atá ina Aire Gnóthaí Eachtracha chomh maith, mar dhuine a bhfuil spéis aige i gcúrsaí Gaeilge agus léiríonn a rannpháirtíocht go bhfuil an Rialtas dáiríre faoin gceist seo.

Dúirt sé leis an Dáil, i bhfreagra ar cheist ón Teachta Dála Shane Moynihan ó Fhianna Fáil: ‘Geallfaidh mé dul i ngleic le ceist Fhoras na Gaeilge, agus rachaidh mé ar ais chuige go díreach ina leith, mar aontaím lena thuairimí faoin tábhacht a bhaineann le cinnteacht maoinithe a bheith ann.’
De réir an tsocrú atá ann faoi láthair, caithfidh an Rialtas ó dheas 75% de mhaoiniú Fhoras na Gaeilge a chur ar fáil agus cuireann Stormont an 25% eile ar fáil.
Ciallaíonn sé seo nach féidir leis an Rialtas i mBaile Átha Cliath an maoiniú seo a mhéadú, rud a theastaíonn uathu a dhéanamh de réir dealraimh, gan chomhaontas ó Fheidhmeannas an Tuaiscirt – an DUP ina measc.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.