Tá an t-iriseoir mór le rá a bhí mar iar-uachtarán ar Chonradh na Gaeilge, Tomás Mac Ruairí, ar shlí na fírinne.
Chaith sé an chuid ba mhó dá shaol ag obair ar son na Gaeilge agus ag obair san iriseoireacht, agus bhí sé le cloisteáil go rialta ar Nuacht RTÉ ag tuairisciú ó na cúirteanna.
Seachas seal a thug sé ag obair le Gael Linn is ag plé leis an iriseoireacht a bhí sé ar feadh a shaoil, de réir tuairisc sa suíomh nuachta www.tuairisc.ie – ‘Fathach i saol na teanga’ – chaith sé cuid mhór dá shaol oibre leis an Irish Press, áit a d’oibrigh sé ar feadh seacht mbliana is fiche, ó 1968 go dtí gur dúnadh é i 1995.
Is nuair a dhún an Irish Press a bhunaigh Mac Ruairí seirbhís tuairisceoireachta cúirte.
‘B’fhathach Tomás i saol na Gaeilge agus i saol na hÉireann,’ a dúradh i ráiteas ó Chonradh na Gaeilge.
Bhí baint thar a bheith gníomhach ag Mac Ruairí le Raidió na Life ó bunaíodh an stáisiún.
Dúirt Muiris Ó Fiannachta, Bainisteoir Stáisiúin Raidió na Life: ‘Is mór an t-ábhar bróin d’fhoireann agus do Bhord Raidió na Life go bhfuil Tomás Mac Ruairí, Gníomhaí Gaeilge agus Rúnaí Chomharchumann Raidió Átha Cliath Teo (‘Raidió na Life’) ar shlí na fírinne.
‘Guíonn foireann, bord agus muintir uile Raidió na Life comhbhrón ar a bhean chéile Síle agus a gclann, agus ar a muintir go léir. Suaimhneas síoraí dá anam uasal.’
De réir ráitis ó Mhuiris: ‘Is in Ard Mhacha a rugadh Tomás agus bhog sé go Baile Átha Cliath in 1959.
‘Bhí cónaí air in Ard Aidhin (Artaine), i dtuaisceart na cathrach. Bhí sé ina bhall de Chonradh na Gaeilge ó 1955 go dtí an t-am i láthair, agus bhí sé ina Uachtarán ar an gConradh ó 1998 go dtí 2003.
‘Ba é a bhunaigh Craobh Bhréanainn den Chonradh i dTuaisceart Átha Cliath agus bhí Mac Ruairí ar dhuine de bhunaitheoirí Scoil Neasáin i mBaile Hearmann, mar a chaith sé tréimhse mar bhainisteoir deonach ó 1970 go dtí 1974.
‘Chaith sé tréimhsí éagsúla ar Bhord Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge agus bhí sé ina Uachtarán ar an gComhdháil ó 2004 go dtí 2010.
‘Bhí baint aige le bunú Gaelscoileanna Teo agus chaith sé tréimhse mar Rúnaí Náisiúnta na heagraíochta.’
Chomh maith leis an Irish Press d’oibrigh Mac Ruairí mar iriseoir leis an nuachtán Gaeilge Inniu agus foilseacháin eile.
Chaith sé 25 Bliain ar Bhord Stiúrtha Fhéile Idircheilteach Lorient agus bhí a chomhlachtaí féin CCC Nuacht Teo agus Creagáin Teo aige freisin.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.