

Tá rabhadh tugtha ag DHL do chustaiméirí faoi ‘scam’ nua, tar éis d’íomhá den chleas cruálach dul víreasach ar líne.
Tá teachtaireacht á scaipeadh ar WhatsApp an tseachtain seo ag taispeáint íomhá de dhuillín seachadta (delivery slip) a cailleadh.
Agus in éineacht leis tá treoir maidir le conas do bheartán (parcel) caillte a atreorú.

Moltar do chustaiméirí dul chuig suíomh gréasáin trí chód QR a scanadh agus Uimhir ‘Waybill’ DHL a chur isteach agus rogha eile a roghnú le haghaidh seachadta.
Mar sin féin, ní mar a shíltear a bhítear.
Thug an chuideachta seachadta foláireamh do shiopadóirí na Nollag nach bhfuil an fógra, fíor agus tá siad ag comhairliú do chustaiméirí gan aird a thabhairt air.
Agus é ag tabhairt faoi na meáin shóisialta chun rabhadh a thabhairt do chustaiméirí, scríobh DHL: ‘Táimid ar an eolas faoi na meáin shóisialta agus teachtaireachtaí WhatsApp a scaiptear inniu faoi ‘scam’ féideartha faoi chárta DHL “Not Home” a bhaineann lenár seirbhís Seachadta Ar Éileamh (On Demand).
Seo an t-eolas a teastaíonn uait faoi sin:
‘Fágann ár gcuid teachtairí in Éirinn cártaí oifigiúla (féach an sampla) nuair nach mbíonn aon duine sa bhaile chun glacadh le seachadadh.
Áiríonn na cártaí seo cód QR chun do sheachadadh a athsceidealú.
‘Ba cheart do scanadh an cód QR seo tú a atreorú chuig: https://ondemand.dhl.com/prg/on-demand-delivery.xhtml….
Nó is féidir leat: ‘DHL.ie/ondemand’ a chlóscríobh i do bhrabhsálaí. Treoróidh sé sin tú chuig an nasc céanna.
‘Leid Sábháilteachta: Má threoraítear chuig seoladh eile thú nó má fhaigheann tú cártaí nach dtagann lenár sampla, ná idirghníomhaigh leo.

‘Fan ar an airdeall agus go raibh maith agat as muinín a bheith agat as DHL!’ a chríochnaigh an post.
Chomh maith leis sin, thuairiscigh níos mó ná duine as gach 10 siopadóir ar líne a ndearnadh caimiléireacht orthu gur chaill siad níos mó ná €500 an duine.
Chaill an cúigiú cuid de na siopadóirí rialta ar líne – ag ceannach uair sa mhí ar a laghad – airgead trí chamscéimeanna le bliain anuas, de réir FraudSmart, tionscnamh atá á stiúradh ag Cónaidhm Bhaincéireachta agus Íocaíochtaí Éireann (Banking and Payments Federation Ireland, BPFI).
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.