

Tá sé fógartha ag Patrick Kielty go bhfuil sean ‘Neighbour’ ag bogadh isteach leis anocht – is é sin Jason Donovan a bheidh ar an Late Late.
Beidh Jason, a tháinig chun cinn ar Neighbours, agus a raibh am rathúil le popcheol aige, ag caint le Kielty faoina ghairm bheatha fhada.

Ina dhiaidh sin fiú, chuaigh sé go dtí an West End i Londain le Joseph and the Amazing Technicolour Dreamcoat.
Ag fógairt na nuachta ar na meáin shóisialta, chan Kielty an t-amhrán clúiteach ón gceoldrama, Any Dream Will Do
Agus chaith sé ‘technicolour Dreamcoat’ den scoth dá chuid féin don chraic.
Beidh Jason ag plé a ról mar ‘teen idol’ sna 1980í agus an teacht le chéile arís ar an stáitse lena bhean chéile i Neighbours, Kylie Minogue.
Rachaidh sé ar chamchuairt an bhliain seo chugainn chun 35 bliain amhránaíochta ar stáitse agus ar an scáileán a cheiliúradh, agus beidh amhrán aige do Kielty gan amhras.
Ar an gclár freisin beidh an fear grinn Dara Ó Briain, a bhfuil seó nua aige dar teideal Re: Creation.
Go mistéireach, deirtear linn go mbeidh sé ag caint le Kielty faoi chúrsaí spórt agus an t-aon phíosa ceoil atá sé buartha faoi.
Beidh Angela Scanlon ann freisin anocht. Tá cáil uirthi as a cuid láithrithe teilifíse, ar ndóigh, ach beidh sí ag caint faoi ról Graham Norton a ghlacadh ar a chlár raidió.

Gheobhaidh muid spléachadh freisin ar a Tango Argentine ó Dancing with the Stars.
Tá sí ag tabhairt a guth agus tacaíochta ar iasacht do chlár faisnéise an-tábhachtach atá le teacht ar RTÉ a hAon agus labhróidh sí le Kielty faoi sin.
Beidh laoch iomána na Gaillimhe Joe Canning ar an gclár freisin chun a leabhar nua My Story a phlé agus chun comhrá a dhéanamh faoin saol i ndiaidh na hiomána idirchontae.
Ar an seó freisin beidh an t-innealtóir aerloingseoireachta an Dr Norah Patten.
Labhróidh sí le Kielty faoina iarracht a bheith ar an gcéad Éireannach i spás, agus faoi mar a thiocfaidh an aisling seo i gcrích go luath.
Casfaidh na Coronas amhrán óna n-albam nua, Thoughts and Observations, a shroich Uimhir a hAon i gcairteacha na hÉireann an tseachtain seo, ag brú Short n’ Sweet le Sabrina Carpenter ón mbarr.
• Beidh an Late Late Show ar RTÉ a hÁon agus ar an Seinnteoir RTÉ anocht ag 9.35pm.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.