Bhí buachaill atá 16 bliain d’aois os comhair cúirte agus é cúisithe as iarracht a dhéanamh sagart a dhúnmharú ag beairic de chuid Arm na hÉireann i nGaillimh.
Tháinig an buachaill os comhair na Cúirte Leanaí i nGaillimh maidin Dé Céadaoin chun aghaidh a thabhairt ar dhá chúiseamh nua ag eascairt as ionsaí líomhnaithe ar an Athair Paul Murphy ar an 15 Lúnasa.
Dúirt an Garda Conor Breen, ó stáisiún Gardaí na Gaillimhe, leis an gcúirt gur ghabh sé an buachaill chun cúisimh a chur air, i dteach cúirte na Gaillimhe ag 12.25pm.
Chuala an chúirt gur cúisíodh an buachaill i láthair a athar agus a dhlíodóir.
Dúirt an Garda Breen nár thug an buachaill aon fhreagra ar cheachtar den dá chúiseamh nuair a cuireadh air.
Tá an cúisí cúisithe go ndearna sé iarracht an tAthair Paul Murphy a dhúnmharú i nDún Uí Mhaoilíosa, Gaillimh, ar an 15 Lúnasa 2024, contrártha don Dlí Coiteann.
Tá an buachaill cúisithe freisin as díobháil (harm) thromchúiseach a dhéanamh d’aon ghnó nó agus meargánta(recklessly) do Paul Murphy, i nDún Uí Mhaoilíosa, An Rinn Mhór, Gaillimh ar an 15 Lúnasa freisin.
Tá an cion líomhnaithe sin contrártha d’alt 4 den Acht um Chionta Neamh-Mharfacha in aghaidh an Duine
Cúisíodh an buachaill roimhe seo as ionsaí a rinne díobháil don Athair Murphy agus Dé Céadaoin, tar éis iarratas ón Stát, scrios an Breitheamh Mary Fahy an cúiseamh sin.
Sannadh cúnamh dlíthiúil (legal aid) don aturnae, Martina Moran, a dúirt nach raibh aon cheist aici maidir le gabháil, cúiseamh agus rabhadh (caution) a cliant.
Dúirt an Sáirsint Joanne McGhee leis an gcúirt gur ordaigh an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí (DPP) triail ar díotáil (indictment) sa Phríomhchúirt choiriúil.
Thug an Breitheamh Fahy faoi deara nach bhféadfaí iarratas ar bhannaí a dhéanamh sa chúirt dúiche mar gheall ar chineál na gcúiseamh.
Cuireadh an cúisí (the accused) ar athchur chuig ionad coinneála Bhaile an Oibricigh (Oberstown) le bheith os comhair na cúirte ar an 16 Deireadh Fómhair.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.