D’fhéadfadh Lee Carsley a bheith ina bhainisteoir ar Éirinn, anois tá sé ina cheannaire eatramhach (interim) ar Shasana – ach cad a cheapann sé faoina chuid ama ag imirt d’Éirinn?
D’imir an t-iar-réalta an Premier League sa pheil 40 uair d’Éirinn, agus ba é an uair dheireanach i 2008 é.
D’athraigh Carsley, arb as Birmingham dó, go dtí cóitseáil tar éis dó éirigh as imirt, agus rinne sé sár-obair san FA i Sasana.
Agus Gareth Southgate ag éirí as a phost mar bhainisteoir Shasana, is é Carsley bainisteoir an náisiúin inar rugadh é do chluichí Shraith na Náisiún an mhí seo chugainn.
Níl ann ach post sealadach, go fóill ar aon nós, ach tosaíonn sé sa phost le filleadh ar Bhaile Átha Cliath chun aghaidh a thabhairt ar Éirinn.
Ós rud é nár imir an dá náisiún ar a chéile go hiomaíoch le breis agus 30 bliain, is comhtharlú iontach é do réalta Birmingham City agus Everton.
Ag labhairt dó ag nochtadh a scuad do chluichí mhí Mheán Fómhair, rinne Carsley machnamh ar a fhréamhacha Éireannacha.
‘Ba chuid fhíorbhródúil de mo ghairm bheatha é,’ a dúirt Carsley faoina laethanta sa gheansaí glas.
‘Tá daichead caipín do Phoblacht na hÉireann agam agus tá mé bródúil as sin.’
Dúirt Carsley: ‘Is mór an t-éacht é a bheith ainmnithe mar bhainisteoir eatramhach ar Shasana, agus is rud a bhfuil meas mór agam uirthi, ach is cinnte go bhfuilim bródúil as m’oidhreacht (heritage).
‘Bhí mé ar ais i gCorcaigh i rith an tsamhraidh, ag teacht le chéile teaghlaigh, agus mar sin bhí an t-am agam dul ar ais agus an oiread sin ball teaghlaigh a fheiceáil.
‘Tá mé ag súil go mór leis an gcluiche i mBaile Átha Cliath. Is dóigh liom gur ócáid iontach a bheidh ann, nóiméad bródúil,’ a dúirt Carsley.
‘Is léir nach raibh mé ar ais i mBaile Átha Cliath le tamall anuas, ó thaobh na peile de, ach is cluiche é a bhfuil an-spreagadh agam dó. Ní féidir liom fanacht le dul ann.’
Idir an dá linn, tá bainisteoir na hÉireann Heimir Hallgrímsson ag coinneáil socair faoin gcluiche agus d’iarr sé fiú ar an lucht leanúna an rud céanna a dhéanamh ag an chluiche is déanaí i gcoinne ár sean-namhaid.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.