Éistigí a chairde! John Spillane ag caint faoina cheoldráma nua – agus éist le píosa den cheol

23/08/2024

Tá ceoldráma iontach nua scríofa ag John Spillane, Fíoruisce – The Legend of the Lough, a sheolfar an mhí seo chugainn

Labhair John Spillane le Joe Breathnach ar Blas na Cathrach ar Raidió na Life 106.4fm faoin gceoldráma nua atá scríofa aige.

Is píosa iontach ealaíne atá i gceist, a thóg breis agus deich mbliana le críochnú.  Fíoruisce – The Legend of the Lough, a thugtar air. 

John Spillane
John Spillane

Is féidir an t-agallamh iomlán le John Spillane a chloisteáil ar phodchraoladh Blas na Cathrach le cliceáil ar aon cheann de na naisc seo:

Soundcloud

Spotify

Seo sliocht gairid ar a raibh le rá aige

Éist leis an ‘Overture’ anseo

Joe: Cad é Fíoruisce – The Legend of the Lough?

John Spillane: Is obair nó oidhreacht Ghaelainne é, le trí ghníomh. Tá sé dátheangach, tá sé 88% sa Ghaeilge agus 12% sa Bhéarla.

Tá seacht radharc i ngach gníomh agus tá 21 píosa ceoil ann agus cúpla píosa breise – tá réamhcheol ag an tosach agus amhrán breise ag an deireadh.

Is é  atá i gceist leis ná opera nó ceoldráma Gaelainne. 

Joe: An bhfuil teachtairacht ann don lae atá inniu ann? 

John Spillane: Tá, teachtairacht ana láidir ann. An brí atá ar mhiotas ná rud nár tharla riamh, ach tá sé fíor i gcónaí. Okay? A dtuigeann tú mé? Baineann sé sin le gach aon rud. Reiligiún. Pé rud. Ní hé gur tharla na rudaí sin, ach tá an fhírinne ag baint leo. Tá sé ar siúl i gcónaí, anois agus fadó.

Sa chás seo, mar shampla, nuair a bhíos á scríobh, bhí mé á chumadh sna blianta 2015 go dtí 2018, Chaithis trí bhliain á chumadh.

fiorusice

Agus le linn an ama sin, bhíomar ag máirseáil ar son ‘water rights’. Bhí an-chuid daoine amuigh ag siúl i gCorcaigh nár shúil riamh d’aon rud, agus iad i gcoinne an íocaíocht uisce.

Agus sin é díreach téama scéal Fíoruisce – The Legend of the Lough, gur cuireadh cosc ar an uisce. Tá ceacht ann.

Agus ansan, ina dhiaidh sin, tháinig Greta Thunberg chun tosaigh agus bhí sé sin mar gheall ar éirí an uisce sé sin na ‘sea levels’ ag éirí.

Agus sin é, an rud céanna. So tá sé ‘relevant’ agus tá sé fíor.

Éist leis an agallamh iomlán anois

Soundcloud

Spotify

Éist leis an ‘Rí’ anseo


Blas na Cathrach

Bíonn an clár Blas na Cathrach ag cur an Ghaeilge chun cinn gach seachtain: 

  1. ar an raidió ar Raidió na Life.106.4fm, i mBaile Átha Cliath agus sa cheantar máguaird; 
  2. agus ar an fón, ríomhaire glúine, ríomhaire agus táibléad ar fud na cruinne ar www.raidionalife.ie

Agus tá go leor den eolas agus den cheol ón seó sin ar fáil anseo le léamh agus le héisteacht leis.  

Níl le déanamh ach cliceáil ar na naisc éagsúla

Bíonn nathanna caint le cloisteáil gach seachtain freisin, chun snas a chur ar ar gcuid Gaeilge.  

BlasnaCathrach

Na nathanna cainte 

I was in a dilemma.    

Bhí mé idir dhá thine Bhealtaine.   

His words hurt her deeply.    

Chuaigh a chuid focal go smior inti.   

He’s musically talented.    

Tá féith an cheoil ann.   

The film made a big impression on her.    

Chuaigh an scannán i gcion go mór uirthi.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram