Ceisteanna fós ann faoi phóilíní sa Tuaisceart agus cás Arlene, 15, a chuaigh ar iarraidh 30 bliain ó shin

Tá imní faoin chaoi ar chaith na póilíní agus an córas dlí le teaghlach Arlene Arkinson

 Tá éileamh ar fhiosrúchán poiblí, 30 bliain tar éis d’Arlene Arkinson dul ar iarraidh ina dhiaidh dioscó i nDún na nGall.

Tá an fiosrúchán iarrtha ag deirfiúr an chailín scoile, ar láimhseáil an cháis ag na póilíní agus ag na húdaráis.

Níor aimsíodh corp Arlene riamh, ainneoin cuardach fairsing.

Bhí Arlene 15 bliana d’aois nuair a chuaigh sí ar iarraidh tar éis dioscó i mBun Dobhráin (Bundoran), Co Dhún na nGall, 30 bliain ó shin – ar an 13 Lúnasa 1994.

Chonacthas an déagóir ó Chaisleán na Deirge (Castlederg),  Co. Thír Eoghain (Tyrone), an uair dheireanach i gcarr a bhí á thiomáint ag an dúnmharfóir ciontaithe Robert Howard.

Arlene Arkinson
Arlene Arkinson

Chabhraigh a deirfiúr Kathleen Arkinson le bigil a eagrú i gcuimhne ar Arlene, i bPáirc Chaisleán na Finne, Caisleán na Deirge, ag 6pm Dé Máirt, áit ar nochtadh plaic chuimhneacháin agus ar scaoileadh balúin.

Dúirt ionchoisne (inquest) ar bhás an déagóra, a lean 14 bliana agus a tháinig chun críche i mí Iúil 2021, gurb é Howard a bhí freagrach as bás Arlene, de réir dealraimh.

Dúirt an cróinéir Brian Sherrard: ‘Is é Robert Howard, ciontóir gnéasach foréigneach, agus an duine deireanach a bhí le feiceáil le Arlene go luath ar an 14 Lúnasa 1994, a bhí freagrach as a bás.’

Rialaigh an cróinéir freisin gur i dTuaisceart Éireann a tharla an bás, ach ní fios cén áit.

Dúirt an cróinéir ina bhreithiúnas go raibh ‘quasi-admhálacha’ déanta ag Howard.

Labhair sé le roinnt oifigeach póilíneachta maidir le pianbhreith a chaitheamh i dTuaisceart Éireann dá n-admhaigh sé do rudaí áirithe.

Bhí sé i gcónaí in eagla agus ag trasnú an bhóthair nuair a chonaic sé oifigeach póilíní.

Cúisíodh Howard i ndúnmharú Arlene i 2002, ach éigiontaíodh (acquitted) é i 2005.

Dúirt Kathleen Arkinson go raibh Howard ag obair mar ghníomhaire stáit agus d’iarr sí ar Aire Dlí agus Cirt Thuaisceart Éireann, Naomi Long, cás Arlene a athscrúdú go cúramach.

Fuair ​​Howard, a tháinig as Co Laoise ó dhúchas, bás i bpríosún i Sasana i 2015, agus é ag cur isteach pianbhreith shaoil as éigniú agus dúnmharú Hannah Williams, a bhí 14 bliana d’aois, as Londain.

Dúirt Des Doherty, aturnae do theaghlach Arlene, ‘gur cheart d’aon fhiosrúchán poiblí maidir le Arlene, ní hamháin déileáil le gníomhaíochtaí Howard agus an bhaint a bhí aige leis an RUC, ach ba chóir go bhféachfadh sé freisin ar an impleacht níos leithne a bhaineann leis.

robert howard
Robert Howard

‘Sé sin an chaoi ar chaith na póilíní agus an córas dlí i dtuaisceart na hÉireann le teaghlach Arkinson.

‘Chaith na póilíní go huafásach leo i 1994 agus lig ár gcóras dlí síos go hiomlán iad,’ a dúirt sé.

Dúirt sé gur dhéileáil an t-ionchoisne, a tháinig chun críche i 2021, ‘le conas, cathain agus cá háit a “dúnmharaíodh” Arlene, ach is í an cheist is mó anois ná: cén fáth ar ligeadh dó seo tarlú?’

Mar sin féin, i ráiteas, dúirt Ms Long, tar éis di bualadh le teaghlach Arkinson, gur thuig sí go raibh na 30 bliain a chuaigh thart thar a bheith trámach, agus iad ag leanúint orthu ag cuardach freagraí ar son Arlene.

Ach rinne sí cinneadh gan fiosrúchán poiblí a bhunú.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

Léigh Níos Mó

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram