

Deir an ginealadóir (genealogist)a d’aimsigh sinsear na hÉireann Joe Biden agus Barack Obama nach bhfuil aon chruthúnas ann gur de shliocht úinéir sclábhaithe í Kamala Harris.
Tá éileamh déanta go bhfuil Harris de shliocht an úinéara sclábhaithe Hamilton Brown as Contae Aontroma.
Mar sin féin, dúirt Megan Smolenyak, a d’oibrigh ar an tsraith theilifíse ‘Who Do You Think You Are?’: ‘Níl aon chruthúnas ann ar chor ar bith.’
Dúirt Smolenyak go gcaithfear éilimh den sórt sin a chruthú. Dúirt sí: ‘Níor éirigh liom a rá gur as Moneygall do Barack Obama, bhí orm é a chruthú.’

Chruthaigh Smolenyak féiniúlacht Annie Moore, an cailín Éireannach a bhí 17 mbliana d’aois, a bhí ar an gcéad inimirceach ar Ellis Island,
Tá sé níos fusa ná riamh anois sinsear (ancestors) a aimsiú le cartlanna digiteacha, le tástáil DNA, agus le seónna teilifíse.
Mar sin féin, is féidir le taifid a bheith mícheart agus go minic níl siad ann ar chor ar bith.
Dúirt Smolenyak nár éirigh léi taifid a aimsiú a dhearbhaíonn an ceangal teaghlaigh idir Kamala Harris agus Hamilton Brown, a bhí ina úinéir sclábhaithe Éireannach an-dona.
Ag an am céanna, dúirt Smolenyak go brónach: ‘Cé nach féidir liom é a chruthú, is beag amhras atá orm gur éignigh (rape) Hamilton Brown cuid díobh siúd a bhí ina sclábhaithe aige.
‘Níl dabht ar bith, ar an drochuair, tá a DNA amach ansin, ach is rud amháin é sin, agus rud eile é a nascadh le duine amháin.’
Tagann na tuairiscí faoin gceangal idir Brown agus Harris ó athair Harris, Donald J Harris.
Scríobh sé go bhfuil máthair a athar, Christiana Brown, ó Brown’s Town agus ‘de shliocht Hamilton Brown’.
Mar sin féin, tá an-chuid scéalta ann a thagann síos tríd na glúnta, nach bhfuil iontaofa, a dúirt Smolenyak.
Ba as Brown’s Town an teaghlach ach bhí Brown’s Town lán daoine ag baint úsáide as an ainm Brown, agus fiú an t-ainm Hamilton.
‘Tháinig sloinne agus céadainm de sin, agus tá go leor daoine leis sin,’ arsa Smolenyak.

Dúirt sí gur aimsigh sí seachtar iarrthóir féideartha (possible candidates) nuair a d’fhéach sí tríd na taifid chun teacht ar shin-seanmháthair Kamala Harris, Christiana Brown.
Is idir 1875 agus 1890, i bParóiste Naomh Anna, áit a bhfuil Brown’s Town , a rugadh í.
‘Tá an oiread sin daoine ón áit chéanna leis an ainm céanna,’ a dúirt sí.
Dúirt sí go bhfuil sé soiléir gur ‘úinéir sclábhaithe uafásacha a bhí i Hamilton Brown, a raibh go leor sclábhaithe aige agus go raibh sé go láidir i gcoinne deireadh a chur leis an sclábhaíocht sa bhliain 1838.
Is beag seans, áfach, go mbeadh Hamilton Brown taifeadta mar athair linbh sclábhaí.
‘Fiú nuair a rinne sclábhaithe taifead ar bhreitheanna sclábhaithe nua, is minic a thaifead siad ainm na máthar.
‘Ba annamh ainm an athar a thaifeadadh,’ a dúirt sí.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.