Harris chun tosaigh ar Trump – ach tá vótálaithe buartha faoina fís do Mheiriceá

13/08/2024

Tá ag éirí go maith le Kamala Harris agus Tim Walz ó chuaigh Biden ar leataobh, de réir na pobalbhreithe, ach ceaptar go bhfuil níos mó eolais ag Trump faoin ngeilleagar (economy)

Tá Kamala Harris anois chun tosaigh ar Donald Trump sna pobalbhreitheanna i Meiriceá, agus tá an t-iaruachtarán faoi bhrú.

Tá Harris cúig phointe chun tosaigh ar Trump i bpobalbhreith nua Reuters/Ipsos, rud a fhágann go bhfuil 42% aici go dtí 37% do na bPoblachtánach go náisiúnta.

Ach tá obair fós le déanamh ag na Daonlathaigh chun fís Harris don tír a chur amach.

Fuarthas amach sa phobalbhreith eile sa New York Times go gceapann 60% de na vótálaithe cláraithe (registered voters) go bhfuil fís shoiléir ag Trump den tír, i gcomparáid le 53% nuair a cuireadh ceist orthu faoi Harris.

Tim Walz le Kamala Harris
Tim Walz le Kamala Harris

Tá Trump fós chun tosaigh freisin maidir le láimhseáil an gheilleagair agus na hinimirce – dhá cheann de na trí phríomhcheist do vótálaithe, de réir pobalbhreith.

Fós féin, tá buntáiste 24 pointe ag Harris thar Trump maidir le ginmhilleadh (abortion), saincheist a bhfuil súil ag na Daonlathaigh a chabhróidh leo an vóta a bhaint amach i bpríomhstáit mar Arizona agus Wisconsin.

Tá níos lú ná trí mhí le dul go dtí toghchán uachtaránachta na Samhna.

Tá Harris agus a comhpháirtí reatha Tim Walz ceithre phointe chun tosaigh ar an iar-uachtarán freisin i Wisconsin, Pennsylvania agus Michigan.

Tá Harris chun tosaigh le 50% in aghaidh 46%, i measc beagnach 2,000 vótálaí dóchúla ar fud na dtrí stát, de réir an suirbhé ag an New York Times agus Siena College.

Beidh orthu Wisconsin, Pennsylvania agus Michigan a bhuachan –  stáit ríthábhachtacha a bhí ar son Biden i 2020  –  má tá na Daonlathaithe chun an Teach Bán a choinneáil.

Reáchtáladh pobalbhreith an New York Times idir an 5 agus an 9 Lúnasa, sa tseachtain a d’ainmnigh Ms Harris Tim Walz, gobharnóir Minnesota, mar iarrthóir leas-uachtaránachta.

Tharraing an tUachtarán Joe Biden, atá 81 bliain d’aois, amach as an rás agus thacaigh sé le Harris de réir mar a d’fhás imní faoina chumas an jab a dhéanamh.

Ar feadh míonna roimhe sin léirigh na pobalbhreitheanna go bhféadfadh Biden cailliúint do Trump.

Breathnaítear ar Harris mar dhuine atá níos cliste agus níos macánta ná Trump, de réir na vótálaithe cláraithe.

Leanann Harris agus Walz orthu ag feachtasaíocht ar fud na tíre ach le fócas ar na stáit iomlaoide is dócha a shocróidh toradh an toghcháin.

Reáchtáil na hiarrthóirí cruinniú i Las Vegas, Nevada, stát a bhuaigh Biden-Harris le dhá phointe i 2020.

Donald Trump 2 5ae02e
Tá Donald Trump chun tosaigh maidir le láimhseáil an gheilleagair agus na hinimirce

Dúirt 60% de na vótálaithe neamhspleácha, a mbíonn ról mór acu i gcónaí, go bhfuil siad sásta le rogha na n-iarrthóirí uachtaránachta, i gcomparáid le 45% i mí na Bealtaine.

Tá moladh tuillte ag Harris as a cuid dearfacht agus a cuid cainte a dhíríonn ar an todhchaí.

I Pennsylvania, áit ar bhuaigh Biden le 80,000 vóta ar Trump ceithre bliana ó shin, tá ardú 10 bpointe tagtha ar a rátáil fhabhrach ón mhí seo caite.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram