

Bhuaigh Daniel Wiffen bonn óir d’Éirinn sna Cluichí Oilimpeacha i bPáras oíche Dé Máirt – agus níl sé críochnaithe fós.
Bhí an snámhóir d’Éirinn – agus curaidh an domhain – muiníneach go bhfaigheadh sé bonn roimh an rás ach bhí sé mothúchánach nuair a tháinig sé sa chéad áit.
‘Ní aon duine mé a bhíonn ag caoineadh, ach bhí mé ag sileadh go leor deora ansin,’ a dúirt an churaidh Oilimpeach le Spórt RTÉ i ndiaidh searmanas na mbonn.

Bhí sé socair go dtí gur seinneadh Amhrán na bhFiann agus ansin shil sé deora áthais, in La Defense Arena i bPáras, le linn searmanas na mbonn.
Dúirt Wiffen: ‘Tá sé craiceáilte. Tá gach rud buaite agam; Seaimpíní Eorpacha, seaimpíní an domhain agus anois na Cluichí Oilimpeacha.
‘Anois is dóigh liom gur féidir liom a rá go bhfuil mé ar cheann de na daoine is fearr riamh, agus mar sin tá sé níos fearr fós,’ a dúirt Wiffen.
Thug sé ómós freisin dá chúpla deartháir (twin brother), Nathan, a theip ar cháilíocht do na Cluichí Oilimpeacha, ach ‘a rinne an oiread sin domsa i mbliana’.

Dúirt Wiffen: ‘Le bheith macánta, is breá liom é. Bhí sé ag glaoch orm cúig huaire sa lá ar FaceTime, ag cinntiú go raibh mé ar an meon ceart.
‘Bhí a fhios ag an mbeirt againn go raibh mé chun an bua a fháil, ach bhí sé ann chun é a thaispeáint do gach duine eile,’ a dúirt sé.
‘Ní féidir liom a chreidiúint. Ach ní raibh mé amuigh ansin i m’aonar – bhí mo dheartháir Nathan, mo thuismitheoirí, mo chóitseálaithe – ann liom,; a dúirt sé le RTÉ tar éis a bhua.
Tá dhá imeacht eile le teacht ag Wiffen. Is é an chéad cheann an 1,500m atá ina rás is fearr, dar leis féin.

Ó 1.50 ar aghaidh: Sciorta (Skiffs) na bhFear, Rásaí 10, 11 & 12 Robert Dickson & Seán Waddilove
2.30: 57kg na bhfear, Babhta 16, Jude Gallagher V Carlo Paalam (PHI)
4.54: 60kg na mban, ceathrú ceannais, Kellie Harrington V Angie Paola Valdes Pana (COL)
8.52: 75kg na mBan, Babhta 16, Aoife O’Rourke V Elzbieta Wojcik (POL)
Agus ansin glacfaidh sé páirt sa snámh maratón 10km ar Dé hAoine an tseachtain seo chugainn.
Bhuaigh Wiffen a rás oíche Dé Máirt agus sháraigh sé an churiarracht (record) de 7:38:19 sa chluiche ceannais saorstíle 800m.
Agus ina dhiaidh sin labhair sé go muiníneach.
‘Ní dóigh liom gur chreid mórán daoine mé i ndáiríre, go raibh mé chun é a dhéanamh anocht,’ a dúirt sé.
‘Ach sea bhí sé dochreidte. Tá sé déanta agam. Sin an rud ba mhaith liom a rá!

‘Bhí mé chomh neirbhíseach. Sin é an neirbhíseach is mó a bhí mé riamh le haghaidh rása ach an bhfuil a fhios agat cad a chuir socair orm.
Chuala mé mo dheartháir ag béicíl orm chomh luath agus a shiúil mé amach.
‘Níor chuala mé aon duine den tslua – Nathan amháin, agus sin an rud a chuir mo shuaimhneas orm.’
Tháinig Wiffen, atá 23 bliain d’aois, sa chéad áit, chun tosaigh ar Bobby Finke as SAM, a bhuaigh airgead, agus Gregorio Paltrinieri ón Iodáil a bhuaigh an bonn cré-umha (bronze).
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.