Kamala Chameleon: Dian ar an gcoireacht, bog ar chearta … agus tugann na páistí ‘Momala’ ar Harris

24/07/2024

Dúradh le Kamala Harris go raibh sí ró-dhian mar ionchúisitheoirí ach sheas sí ar son ceart ginmhillte agus pósadh aerach – agus tugann beirt pháistí a fir chéile ‘Momala’ uirthi

Sula ndeachaigh sí isteach sa pholaitíocht, bhí Kamala Harris cinnte go n-éiríodh léi.

Ba í Harris, atá 59 bliain d’aois anois, an chéad bhean a toghadh ina Aighne Dúiche (District Attorney) i San Francisco.

Ba í an chéad bhean í a toghadh mar Ard-Aighne California (Attorney General) agus an chéad duine gorm a toghadh chuig an Seanad as California.

Agus anois is í an chéad bhean agus duine gorm a toghadh isteach sa phost mar Leas-Uachtarán.

Agus níl sí críochnaithe fós.

Kmala Harris agus a fear Doug
Kmala Harris agus a fear Doug

Cé hé Kamala Harris?

Rugadh Harris in Oakland do thuismitheoirí a tháinig go California chun staidéar a dhéanamh ag Ollscoil  Berkeley.

Tá sí ina iníon d’ollamh eacnamaíocht le fréamhacha as Iamáice (Jamaica) agus taighdeoir ailse le fréamhacha Indiacha.

Tar éis roinnt blianta i Berkeley, bhog Harris go Ceanada lena máthair tar éis briseadh pósadh a tuismitheoirí.

Dúirt Harris go raibh tionchar tábhachtach ag a seanathair Indiach ar a saol agus a spéis i ngnóthaí an rialtais, mar gheall ar an mbaint a bhí aige le Státseirbhís na hIndia tar éis do na hIndiaigh neamhspleáchas a bhaint amach ó Impireacht na Breataine.

Bhí dlúthchaidreamh idir í féin agus a seanathair PV Gopalan in ainneoin go raibh siad na mílte míle óna chéile, go dtí go bhfuair sé bás i 1998.

Spreag sé spéis sa tseirbhís phoiblí di.

Ón seachtú grád go deireadh na hardscoile, d’fhan Harris agus a máthair i Montreal, agus fuair sí céim BA ó Ollscoil Howard i 1986.

D’oibrigh Harris mar dlíodóir tar éis di céim a bhaint amach ó Choláiste Dlí Hastings in Ollscoil California i San Francisco agus d’fhóin sí mar Aighne Dúiche (District Attorney) i San Francisco ó 2004 go 2010.

Phós sí aturnae siamsaíochta Doug Emhoff i 2014 agus i 2016, toghadh Harris chuig an Seanad.

Tá Kamala agus  Doug, pósta le deich mbliana an samhradh seo. Bhuail siad le chéile nuair a bhí sí ina Ard-Aighne Dúiche i gCalifornia, i 2013.

Tá Doug colscartha, le beirt pháistí, Ella agus Cole, agus réitíonn siad go léir go han-mhaith le chéile. Tugann siad ‘Momala’ uirthi.

Kamala agus Doug le Cole agus Ella
Kamala agus Doug le Cole agus Ella

Tús Polaitíochta

Thosaigh Harris a ghairm bheatha sa ‘Bay Area’  i gCalifornia ag ionchúiseamh cásanna dúnmharaithe, éignithe, ionsaithe agus drugaí in Oakland ó 1990 go 1998, áit a raibh cáil air as a bheith dian ar choireacht (tough on crime).

Bhí sí an-uaillmhianach (ambitious) freisin. Sa bhliain 1998, d’fhostaigh Aighne Dúiche San Francisco Terence Hallinan í chun dul i ngleic leis an gcoireacht (crime) agus d’éirigh chomh maith sin léi gur sheas sí ina choinne agus gur bhuaigh sí i 2003.

Cheangail cáinteoirí  í le Méara conspóideach San Francisco Willie Brown le linn an fheachtais.

Dúradh go raibh Brown as pátrúnacht pholaitiúil agus rinne an FBI imscrúdú air.

Agus, mar a tharlaíonn i gcás formhór na mban a thagann chun cinn, cáineadh Harris as a bheith ró-uaillmhianach.

I 2010, bhí and bua aici in aghaidh Poblachtach Steve Cooley le bheith ina Ard-Aighne agus thug sí isteach polasaithe forásacha (progressive) – chomh maith le bheith dian ar an gcoireacht.

Chuir sí tús le hoiliúint claonta intuigthe (bias training) do na póilíní, chuir sí tús le clár chun ligean do chiontóirí neamhfhoréigneach céaduaire a gcuid cúisimh a dhíbhe (dismissed) má chríochnaigh siad oiliúint poist.

D’ainneoin a cur i gcoinne phionós an bháis go pearsanta, áfach, d’oibrigh sí sa chúirt chun seasamh le pionós an bháis i gCalifornia agus bhagair sí príosún do thuismitheoirí leanaí nach raibh ag dul ar scoil.

I 2016, tharraing Harris aird náisiúnta uirthi féin as a cuid iarrachtaí sna cúirteanna an cosc i ​​gCalifornia ar phósadh aerach a chur ar ceal.

Joe ag éirigh as agus Kamala agu dul ar aghaidh
Joe ag éirigh as agus Kamala agu dul ar aghaidh

An stáitse náisiúnta

I 2016, bhí Harris mar an gcéad seanadóir gorm riamh i gCalifornia. Agus i 2019, chuir sí tús lena feachtas le bheith ina huachtarán ar Mheiriceá.

Mar sin féin, ní raibh tacaíocht aici ó chomhlachtaí móra agus ó dhaoine cumhachtacha laistigh den Pháirtí Daonlathach.

Phioc Biden í mar a rogha le bheith ina leas-uachtarán, cé gur chuir sí isteach air le linn an fheachtais.

Shíl Biden go raibh tóir uirthi sa Pháirtí Daonlathach agus go raibh taithí i bhfeachtais náisiúnta aici.

D’éirigh go maith léi sna díospóireachtaí le hiarrthóir leas-uachtaránachta Mick Pence, a bhí le Trump, agus i mí na Samhna 2020, toghadh Harris mar chéad leas-uachtarán mná Mheiriceá agus mar an chéad leas-uachtarán gorm.

Kamala le Ella
Kamala le Ella

Leas-Uachtarán na Stát Aontaithe

Bhí amhras ann nach raibh muinín ag Biden inti agus choinnigh sé sa chúlra í. Agus creidtear gurb é sin an chúis a fuair sí an post ag cur cosc ar an imirce ó Mheiriceá Láir.

Ról a bhí ann a chinntiú go raibh cáineadh uirthi ó lucht forásach agus ó lucht coimeádaithe.

Agus tá imní fós ar na Daonlathaigh nach bhfuil sí chun tosaigh ar Trump sna pobalbhreitheanna.

Mar sin féin, tar éis don Chúirt Uachtarach Roe vs Wade a chaitheamh amach, tháinig Harris chun cinn mar abhcóide mór le rá ar son chearta na mban.

Le sin bhí sí mar ‘an polaiteoir Meiriceánach is mó a dhírigh (targeted) ar an Idirlíon’, dar leis an Los Angeles Times.

Anois agus í le bheith ina hiarrthóir uachtaránachta is dócha go mbeidh sé sin níos measa.

Mar sin féin, an uair seo beidh tacaíocht an Pháirtí Daonlathaigh aici.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram