Tá baile in Éirinn ar an liosta de na 25 áit taistil ar domhan nach bhfaigheann a dhóthain aitheantais (underrated): Cén ceann é?

19/07/2024

Bíonn dornálaithe, amhránaithe ann, agus tá beáir agus bialanna fíor-mhaithe sa bhaile seo – agus is áit is áit í a thaitníonn muintir Bhaile Átha Cliath cheana féin

Tá baile Éireannach ainmnithe i measc na 25 ionad taistil ar domhan nach bhfaigheann a dhóthain aitheantais.

D’fhoilsigh an iris, Time Out, a bhfuil cáil uirthi mar gheall ar a iriseoireacht taistil, liosta de na ceantair is fearr le cuairt a thabhairt, ar fud an domhain.

Tugadh an ‘tasc crua’ sin d’fhoireann saineolaithe. Bhí orthu taisteal ar fud an domhain chun cuairt a thabhairt ar bhialanna, caiféanna, beáir agus taitneamh a bhaint as gach rud.

Is baile é ar liosta 25 is fearr
Is baile é ar liosta 25 is fearr

Chuir siad a liosta ar fáil ansin, agus don dara bliain as a chéile, tá baile Éireannach tar éis an 25 is fearr a bhaint amach.

Níl sé ach cúpla nóiméad ó Bhaile Átha Cliath agus tá cáil air mar gheall ar a shuíomh cósta idéalach, dornálaithe, amhránaithe agus seónna aeir.

An ndearna tú buille faoi thuairim é? Sea! Tá baile cois farraige móréilimh Chill Mhantáin sa 25 is fearr.

Tháinig baile Bhré isteach sa 24ú háit de na cinn scríbe taistil ar domhan nach bhfaigheann a dhóthain aitheantais agus an t-aon áit in Éirinn atá ar an liosta.

Ba é ‘líonra na n-eagarthóirí saineolacha agus na scríbhneoirí taistil cruinne’ a chinntigh rangú.

Cuireadh de chúram orthu ‘spotaí nach rabhthas ag súil leo’ a aithint, a chuireann eispéireas taistil uathúil (unique) ar fáil.

Tá an baile Éireannach le feiceáil chomh maith le láithreacha uathúla mar Stáisiún Brown san Antartaice, Prince Edward Island i gCeanada agus ar uimhir a haon tá Filandia, an Cholóim (Colombia).

‘Níl  Bancác ná  Balis,  Amalfis nó Amstardam’ le fáil ar an liosta, a deir an t-alt.

Ina áit sin, is é an rud a gheobhaidh tú ná ‘Yosemite dupe’, comharsa dearmadta Maracó, áit a bhfuil níos mó piongainí (penguins) ná daoine, agus an-chuid inspioráide taistil eile.

Bhí sé seo le rá ag an iris Time Out faoi bhaile Bhré.

‘Ba é teacht an iarnróid sa bhliain 1854 a rinne baile Bhré, díreach 12 mhíle ó dheas ó Bhaile Átha Cliath, chomh mór sin gur tugadh “Brighton na hÉireann” air.

‘Tar éis blianta de mheath, tá a chladach Victeoiriach míle ar fad fite fuaite le caiféanna agus bialanna.

‘Bí ag spaisteoireacht ón gcuan go Ceann Bhré atá 800 troigh ar airde, ach tóg d’am le haghaidh radhairc lánléargais óna mhullach creagach.

‘Bia ag Butler and Barry ar an trá roimh Guinness ag an institiúid áitiúil, an Harbour Bar.’

Tháinig sé isteach sa 24ú háit de na cinn scríbe taistil ar domhan nach bhfaigheann a dhóthain aitheantais
Tháinig sé isteach sa 24ú háit de na cinn scríbe taistil ar domhan nach bhfaigheann a dhóthain aitheantais

Má tá taithí agat ar gach rud atá ar fáil i mbaile in Éirinn cheana féin, féach ar chuid de na láithreacha eile atá ar ár liosta!

24. Bré, Éire

23. Lombok, an Indinéis

22. Turku, an Fhionlainn (Finland)

21. Plymouth, Sasana

20. Gippsland, An Astráil

19. Eastern Highlands, an tSiombáib (Zimbabwe)

18. Cabo Rojo, Pórtó Ríce

17. São Tomé agus Príncipe

16. Srebrenik, an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin

15. Loch Bacalar, Meicsiceo

14. Karpathos, an Ghréig

13. Cuenca, Eacuadór

12. Mhongóil

11. Stáisiún Brown, Antartaice

10. Bentonville, Arkansas, SAM

9. Newcastle, An Astráil

8. Gleann Cochamó, An tSile

7. Tasmáin, An Astráil

6. Sibiu, an Rómáin

5. Prince Edward Island, Ceanada

4. Cón Đảo, Vítneam

3. São Sebastião, an Bhrasaíl

2. An Túinéis Theas

1. Filandia, an Cholóim (Colombia)


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram