Beidh ar an Bray Aquarium a dhúnadh tar éis cinneadh ó úinéirí Briotanacha nach bhfuil sé ag déanamh dóthain airgid dóibh.
Mar aon le sin, dúirt TD de chuid na nDaonlathaithe Sóisialta, Jennifer Whitmore, go bhfuil an cinneadh mícheart.
Dúirt sí go bhfuil díomá ar go leor daoine faoin gciinneadh go mbeidh Sea Life Bray i gCo. Chill Mhantáin ag dúnadh i mí na Nollag.
Dúirt Ms Whitmore: ‘Tá sé á thuairisciú go háitiúil nach bhfuil Merlin Entertainments, an chuideachta Briotanach ar leis Sea Life, ag athnuachan a léas ar an áit agus mar gheall ar sin go bhfuil na doirse á ndúnadh go buan.
‘Is uafásach an scéal é seo do bhaile Bhré, go deimhin don chontae ar fad.
‘Is foras áitiúil agus náisiúnta é Sea Life. Áit inar féidir le bitheolaithe muirí óga foghlaim faoinár saol muirí.
‘Áit thar a bheith tábhachtach do thurasóirí don bhaile.
‘Agus, áit inar féidir le leanaí faoi mhíchumas taitneamh a bhaint as draíocht ár bhfarraigí.’
Dúirt urlabhraí le Merlin Entertainments: ‘Beidh Sea Life Bray ag dúnadh a dhoirse go buan i dtreo dheireadh 2023, tar éis níos mó ná 25 bliain i mbun oibre.’
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.