€180m in airgead cúnaimh morgáiste gan éileamh. An leatsa cuid de? Ach déan deifir!

D’éiligh níos lú ná duine as gach ochtar úinéir tí faoiseamh cánach suas le €1,250 ar a n-íocaíochtaí morgáiste.

Tá os cionn €180 milliún atá dlite d’úinéirí tithe i gcabhair mhorgáiste ina suí i gcófra na gCoimisinéirí Ioncaim.

Tugadh isteach faoiseamh ús morgáiste i mBuiséad 2024 anuraidh chun cabhrú le húinéirí tí a bhfuil íocaíochtaí rátaí úis ollmhóra acu.

Thug Michael McGrath, a bhí ina Aire Airgeadais ag an am, isteach é mar scéim shealadach bliana chun cabhrú le húinéirí tí.

Thug Michael McGrath isteach an scéim shealadach bliana do daoine le morgáiste
Thug Michael McGrath isteach an scéim shealadach bliana do daoine le morgáiste

Mar sin féin, dúirt TD de chuid Shinn Féin Thomas Gould, a d’iarr figiúirí maidir leis an tionscnamh, sa Dáil: ‘Nuair a thug siad an scéim seo amach ar dtús, dúirt muid, mar gheall ar an maorlathas (bureaucracy), nach mbeidh go leor daoine in ann é a dhéanamh, mar sin theipfeadh ar an scéim.’

D’fhéadfaí thart ar €206milliún a éileamh ar ais ach níl ach €25 milliún caite go dtí seo.

‘Léiríonn sé seo go bhfuil teip go hiomlán ar an scéim’, a dúirt an Teachta Dála Gould.

Ba cheart an scéim a chur ar bun ionas go bhfaighidh sealbhóirí morgáiste í ag an bhfoinse, agus mar sin ní gá dóibh é a éileamh ar ais, a dúirt sé.

Tá faoiseamh á éileamh ar morgáiste ag thart ar 22,000 sealbhóir morgáiste, ach meastar go bhfuil thart ar 165,000 incháilithe (eiligible).

Ag caint faoin an scéim do dhaoine le morgáiste, dúirt an tUasal Gould: ‘Ba é seo ár smaoineamh. Ghlac an Rialtas é agus mhúnlaigh siad é ar shlí nach n-oibreodh sé.

‘Níl aon fhadhb againn leo é a ghlacadh, is smaoineamh maith é smaoineamh maith, ach déan i gceart, ar a laghad é.

‘Is í an cheist anseo: conas is féidir le haon Aire seasamh leis an tionscnamh seo, nuair a fheiceann tú na figiúirí go bhfuil an líon beag sin á éileamh? Tá sé scanrúil.’

Dúirt sé: ‘Cén fáth nach ndearna siad mar a mhol muid agus é a cur ar fáil ag an bhfoinse, ionas go bhféadfadh daoine an maorlathas (bureaucracy) ar fad a sheachaint?

‘Is breá leis an Rialtas seo maorlathas. Ba chóir dóibh é a dhéanamh chomh héasca agus chomh simplí agus is féidir.’

Dúirt an tUasal Gould freisin gur ‘cleachtadh caidrimh phoiblí (PR exercise) a bhí ar siúl ag an Rialtas, chun go mbeadh an cuma ann go raibh siad ag éisteacht le daoine agus go raibh siad i mbun gnímh, nuair a chreidimid go bhfuil sé deartha le teip (designed to fail’.

Ina fhreagra ar cheist Dála, dúirt an tAire Airgeadais Jack Chambers gur measadh go mbeadh thart ar 208,000 cuntas morgáiste incháilithe don fhaoiseamh.

Dúirt sé freisin gurb é an faoiseamh cánach uasta ar mhorgáiste ná €1,250 in aghaidh na maoine.

Jack Chambers
Jack Chambers

Chuir an feachtasóir tithíochta David Hall, ó Eagraíocht Sealbhóirí Morgáiste na hÉireann (Irish Mortgage Holders Organisation), síos ar an líon beag daoine a d’éiligh an faoiseamh mar rud ‘seafóideach.

Dúirt sé: ‘Tá tú ag éileamh do chuid airgid féin ach tá an próiseas chun do chuid airgid féin a éileamh chomh casta agus is féidir ionas nach féidir leat do chuid airgid féin a fháil.

‘Agus éiríonn go leor daoine as ar son a suaimhneas intinne agus a meabhairshláinte féin.’


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram