Seo chugainn na heatwaves! Tá aimsir le 34C ag teacht agus níl Éire réidh, a deir na heolaithe (scientists)

Is annamh a bhíonn aimsir le tonn teaspaigh (heatwave) in Éirinn agus ní féidir linn déileáil leis –  ach tá sé ar an mbealach, de réir na tuarascála eolaíche is déanaí

Ní mór d’Éirinn ullmhú le haghaidh aimsir an-te agus dúirt acadúil amháin gurb é an chéad phaindéim eile a bheidh ann.

Measann taighde nua ó eolaithe Ollscoil Mhá Nuad (Maynooth) go bhfuil méadú as cuimse tagtha ar an dóchúlacht go mbeidh drochaimsir ann le deich mbliana anuas.

‘Níl a fhios againn cathain a tharlóidh sé nó cén chaoi go díreach a bheidh sé, ach tá a fhios againn go gcaithfimid a bheith ullamh dó,’ a dúirt an tOllamh Andrew Parnell ó Institiúid Hamilton, Maigh Nuad.

Ba é 32°C an leibhéal ab airde roimhe sin agus bhí sé sin i 2006. Mar sin féin, tá aimsir den sórt sin fíor-annamh agus an-deacair do mhuintir na hÉireann déileáil leis
Ba é 32°C an leibhéal ab airde roimhe sin agus bhí sé sin i 2006. Mar sin féin, tá aimsir den sórt sin fíor-annamh agus an-deacair do mhuintir na hÉireann déileáil leis

Dúirt sé go bhfuil sé ag súil le teocht chomh hard le 34C sna trí nó cúig bliana amach romhainn, rud a léiríonn chomh práinneach is atá sé don tsochaí ullmhú don aimsir le tonn teaspaigh (heatwave).

‘Beidh imeachtaí tonnta teasa ann, a bheidh fíor-dheacair dúinn maireachtáil tríd,’ a dúirt sé.

Ba í an teocht is airde a taifeadadh riamh in Éirinn ná 33.5°C, i gCill Chainnigh sa bhliain 1887.

Mar sin féin, dhá bhliain ó shin, ar an 18 Iúil, chláraigh stáisiún aimsire Pháirc an Fhionnuisce (Phoenix Park) 33C, an teocht is teo a taifeadadh riamh i réigiún Bhaile Átha Cliath.

Ba é 32°C an leibhéal ab airde roimhe sin agus bhí sé sin i 2006. Mar sin féin, tá aimsir den sórt sin fíor-annamh agus an-deacair do mhuintir na hÉireann déileáil leis.

Creideann sé go bhfuil ‘athrú cultúir’ de dhíth ar Éirinn chun éigeandálaí sláinte, talmhaíochta agus infreastruchtúir a chosc, chun déileáil leis na coinníollacha aimsire.

Meastar sa taighde nua go bhfuil sé 20 uair níos dóchúla anois go sroichfidh Éire 33C uair amháin gach naoi mbliana, i gcomparáid le uair amháin gach 180 bliain, mar a measadh i 1942.

Meastar freisin go sroichfidh Éire 34C uair amháin gach 28 bliain. Seo i gcomparáid le gach 1,600 bliain i 1942.

‘Tá a fhios againn ó thíortha eile, nuair a bhíonn adhaimsir  (extreme weather) agat go bhfuil ardú ollmhór ar líon na ndaoine a théann chuig A&E.

‘Cuireann sé isteach go háirithe ar dhaoine leochaileacha,’ a dúirt an tOllamh Parnell.

Thug sé foláireamh freisin faoin tionchar ar thalmhaíocht.

‘Ní mór dúinn a chinntiú go bhfuil muid ag cur na mbarraí (crops) cearta atá frithsheasmhach in aghaidh triomach (drought)  agus in aghaidh galair a bhaineann le hathrú aeráide chomh maith,’ a dúirt sé.

Dúirt sé freisin nach bhfuil ‘go leor foirgneamh atá aerchóirithe (air conditioned) ag Éirinn, inar féidir linn daoine a choinneáil fhionnuar’, agus go mbeidh fadhbanna ag bóithre agus rúidbhealaí (runway) aerfoirt le teochtaí arda.

Spreagtar daoine freisin le bheith níos airdeallaí (vigilant) maidir lena gcraiceann a chosaint.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram