‘They died with their boots on! Ní fheicfimid na réaltaí seo ag imirt do Bhaile Átha Cliath arís

Cluiche deireadh do laochra Bhaile Átha Cliath a bhí amm – ach cluiche stairiúil do laochra na Gaillimhe anois

D’admhaigh Dessie Farrell gur dócha gurbh fhéidir gur imir cuid de na himreoirí is cáiliúla sa pheil a gcluiche deireanach do Bhaile Átha Cliath.

Bhí an bua ag Gaillimh in aghaidh fhoireann Farrell i gcluiche gasta. Bhuaigh siad 0-17 le 0-16 i bPáirc an Chrócaigh.

Réaltaí Atha Cliath Stephen Cluxton agus James McCarthy
Réaltaí Atha Cliath Stephen Cluxton agus James McCarthy

Bua ollmhór a bhí ann do Ghaillimh, a bhí ceithre phointe taobh thiar ag leath ama, agus nár bhuaigh in aghaidh Áth Cliath le 90 bliain anuas roimhe sin.

Bhí fadhbanna gortaithe acu freisin, rud a bhí acu anuraidh agus ag tús na bliana seo, nuair a bhí ar réalta Shane Walsh dul amach as an gcluiche.

Díreoidh an aird anois ar thodhchaí Stephen Cluxton, James McCarthy agus Michael Fitzsimons as na Dubs.

Thosaigh siad sa chluiche in aghaidh na Gaillimhe agus bhí siad ag súil leis an 10ú bonn Chraobh na hÉireann a bhuachan an séasúr seo.

Agus beidh amhras ann freisin faoi Jack McCaffrey agus Paul Mannion, a tháinig amach ar scor anuraidh chun imirt do Bhaile Átha Cliath.

Mick Fitzsimons
Mick Fitzsimons

‘Tá mé cinnte go bhfuil cuid acu a bheidh ag smaoineamh ar a dtodhchaí,’ a dúirt Farrell tar éis an chluiche faoina réaltaí i mBaile Átha Cliath.

‘B’fhéidir gurb é seo an uair dheireanach a fheiceann muid iad ag imirt do Bhaile Átha Cliath. Ba laochra iontacha iad. Bhásaigh siad ina gcuid buataisí inniu.

‘Ach tá glúin eile imreoirí againn, a bhfuil an t-ocras agus an fonn orthu a bheith ag iarraidh leanúint ar aghaidh agus geansaí Bhaile Átha Cliath a chaitheamh le bród agus onóir, agus tá mé cinnte go ndéanfaidh siad é sin.’

Ach oíche an-speisialta a bhí ann do Ghaillimh.

‘Tá sé thar a bheith speisialta. Bhí laethanta iontacha againn agus déarfainn go bhfuil sé seo mar cheann acu,’ a dúirt sar-imreoir na Gaillimhe Damien Comer.

dessie
Dessie Farrell

Bhí fadhbanna gortaithe ag Comer, réalta do Ghaillimh, agus bhí an chuma air go raibh roinnt trioblóidí aige le linn an chluiche in aghaidh Bhaile Átha Cliath, ach níor chuir sin stad air ag imirt cluiche iontach.

Dúirt sé: ‘Tá 90 bliain imithe ó bhuaigh foireann na Gaillimhe in aghaidh Bhaile Átha Cliath sa Chraobh agus mar sin bhí sé seo fíor-speisialta.’

Dúirt bainisteoir na Gaillimhe Pádraic Joyce: ‘Dúirt mé leis na leaids ag leath-am nach bhfuil ann ach 35 nóiméad Craobh agus beagán ama gortaithe. Téigh amach agus bain taitneamh as, agus, go bhfóire Dia orainn, d’fhág siad gach rud amuigh ansin.’


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

You might also like ...

Lean ExtraG.ie

Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram