Dúirt réalta Raidió RTÉ, Oliver Callan, go bhfuil Nicola Coughlan ag ‘síniú isteach sa leaba’ leis na Kardashians trí thacú le raon faisin Skims.
Deimhníodh níos luaithe i rith na seachtaine go raibh réalta Bridgerton, Nicola, ag gabháil le branda éadaí Kim Kardashian, mar aghaidh ar a raon fo-éadaí nua.
Ní hí Coughlan an chéad duine cáiliúil a shínigh conradh le Skims.
Tá an t-aisteoir Éireannach Barry Keoghan, a chailín Sabrina Carpenter agus réalta Real Madrid agus Shasana, Jude Bellingham, i bhfeisteas an bhranda le roinnt míonna anuas.
Ag labhairt dó ar a Nine O’Clock Show ar RTÉ Raidió a hAon, cháin Callan cinneadh Nicola, agus é á thabhairt ó thalamh (rant) as dul i dteannta le Skims, ar leis an teaghlach Kardashian.
‘Réaltán ionúin (beloved) na hÉireann Bridgerton, agus bean a bhfuil baint aici le níos mó cúiseanna ná mar is féidir leat a áireamh – ó Gaza go frithchiníochas, cearta tras, feimineachas.
‘Chuir sí stangadh (stunned) ar an saol – ár Nicola Coughlan – trí shíniú isteach sa leaba leis na Kardashians.
‘Mar sin, is í an duine is déanaí anois ar an mbranda faisin de chuid Kim Kardashian, Skims. Lingerie le ‘Déanta sa tSín’ orthu.
‘Déanta sa Tuirc,’ orthu freisin, ar ndóigh, cruthúnas iontach ann freisin, do chearta na mban.
Agus ansin dúirt sé: ‘You might know, of course, the Kardashians, from their empire of trash, built on toxic beauty ideals for women.’
Lean sé ar aghaidh ag éileamh go gcaillfidh Nicola lucht leanúna mar thoradh ar a cinneadh, a deimhníodh Dé Luain.
‘Ach d’fhéadfá a rá go ndéanann Kim Kardashian rudaí iontacha do mhná, más é Kardashian an sloinne atá ar na mná sin.
‘Le bheith macánta, tá an oiread sin brandaí faisin eile le roghnú astu, cinn Éireannacha ina measc. Ó mo Dhia, Nicola Coughlan.
‘Am I judging? Yes I am.’
Sa ghrianghraf ar son Skims, tá Nicola gléasta i ngúna bándearg agus í timpeallaithe ag bláthanna. Leis an teachtaireacht: ‘Everybody’s wearing @SKIMS.’
Ar dtús bhí clú cáil ar Coughlan i Derry Girls, agus anois tá sí i ról Penelope Featherington i Bridgerton ar Netflix.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.