Leabhar le chéile: Éist leis an podchraoladh agus pléigh an leabhar le ClubLeabhar.com 

16/06/2024

Leabhar mhí an Mheithimh: Tá sé mar pholasaí ag ExtraG.ie daoine a spreagadh chun níos mó Gaeilge a úsáid gach lá – agus tá bealach iontach chun é sin a dhéanamh le bheith páirteach i gClubLeabhar.com. 

Is bealach iontach é ClubLeabhar.com chun do chuid Gaeilge a chleachtadh ar do luas féin. Bíonn podchraoladh difriúil ann gach mí, ina ndéantar agallamh faoi leabhar nua. 

Níl aon ranganna i gceist, ní éisteann tú ach nuair is mian leat, ní léann tú ach nuair is mian leat – agus is féidir leat a bheith páirteach i ngrúpa chun labhairt faoina bhfuil léite agat agus faoina bhfuil cloiste agat, más mian leat.

athmhathair

  Athmháthair
le Michela Murgia

Is é an t-úrscéal nua-aimseartha Athmháthair le Michela Murgia leabhar na míosa seo le haghaidh mhí an Mheithimh. Tá an scéal féin suite sa tSairdín i lár an chéid seo caite agus is í Máire Nic Mhaoláin a d’aistrigh an leagan Iodáilise go Gaeilge ón leabhar Accabadora

I bpodchraoladh na míosa seo, téann Hannah Rice, aistritheoir, agus Stiofán Ó Briain, mac léinn dochtúireachta i Scoil na Gaeilge, an Léinn Cheiltigh agus an Bhéaloidis in UCD, i mbun plé ar scéal Maria. Éist leis an bplé anseo agus roinn do chuid tuairimí linn ar fhóram ClubLeabhar.com!

Tá an podchraoladh ANSEO. 

Tá sé mar aidhm ag ClubLeabhar daoine a spreagadh chun leabhair Ghaeilge a léamh. 

Roghnaítear leabhar nua gach mí agus tá sé mar pholasaí acu leabhair róchasta a sheachaint. Freisin, tugtar tús áite d’úrscéalta agus do chnuasaigh gearrscéalta agus bíonn meascán ann de leabhair nua-fhoilsithe agus clasaicigh atá fós i gcló. Bíonn na leabhair a bhíonn á bplé ar fáil ar siopa.ie

Chomh maith le sin is féidir leat a bheith mar chuid de do chlub leabhar féin, go fisiciúil nó ar líne, le comhrá a dhéanamh faoi na leabhair.

Leabhar Michela Murgia ar ClubLeabhar
Leabhar Michela Murgia ar ClubLeabhar

Is féidir leat tuilleadh eolais a fháil ar shuíomh Gréasáin ClubLeabhar i nGaeilge le cliceáil ANSEO

Ní hamháin dóibh siúd a labhraíonn Gaeilge an t-am ar fad atá ClubLeabhar, tá sé an-chabhrach dóibh siúd a dhéanann iarracht an Ghaeilge a labhairt i saol ina bhfuil an Béarla timpeall orthu, agus dóibh siúd atá ag iarraidh feabhas a chur ar a gcuid Gaeilge trí níos mó úsáid a bhaint aisti gan mórán brú. 

Ní thógann sé ach nóiméad  clárú ANSEO don chlub agus níl aon táille i gceist. Is féidir clárú trí Ghaeilge nó trí Bhéarla.

Tá liosta ar fáil freisin ar Clubleabhar.com de na clubanna leabhar Gaeilge atá ag feidhmiú in Éirinn cheana féin agus tá Gaelchultúr ag súil go spreagfaidh an tionscadal seo ar líne daoine le clubanna nua a thosú, in Éirinn agus thar lear. 

Tá comhairle agus tacaíocht ar fáil sa rannóg Bunaigh Club dóibh siúd a bhfuil spéis acu a gclub leabhar féin a bhunú.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram