Léigh agus pléigh: Cleachtaigh do chuid Gaeilge ar do luas féin le ClubLeabhar

29/03/2024

Tá sé mar pholasaí ag ExtraG.ie daoine a spreagadh chun níos mó Gaeilge a úsáid gach lá – agus tá bealach iontach chun é sin a dhéanamh le bheith páirteach i gClubLeabhar.

Is bealach iontach é ClubLeabhar chun do chuid Gaeilge a chleachtadh ar do luas féin. Bíonn podchraoladh difriúil ann gach mí, ina ndéantar scrúdú ar leabhair nua.

Níl aon ranganna i gceist, ní éisteann tú ach nuair is mian leat, ní léann tú ach nuair is mian leat – agus is féidir leat a bheith páirteach i ngrúpa chun labhairt faoina bhfuil léite agat agus faoina bhfuil cloiste agat, más mian leat.


Geansaithe Mora feat


Geansaithe Móra,
le Gearóidín Nic Cárthaigh

Is cnuasach gearrscéalta splanfhicsin (flash fiction) atá sa leabhar do mhí an Mhárta:
Geansaithe Móra, le Gearóidín Nic Cárthaigh.

Deir siad faoi: ‘Ceithre splancscéal is tríocha atá sa chnuasach seo, iad go léir faoi bhun 1,000 focal. Pléann siad le réimse mór téamaí i saol na mban, idir chumha is ghrá, idir uaigneas is dóchas.

Insintí géara gonta, go bhfuil tús, lár agus deireadh leo – cé gur minic go dtosnaíonn siad i lár baill nó go gcríochnaíonn siad go luath. Tá an leabhar seo ag cur thar maoil le carachtair bháúla, agus splanc léargais nua á fháil acu ar an saol.

Tá an podchraoladh ANSEO.

Tá sliocht ANSEO.

Agus tá gluais (glossary) ANSEO.


Tá sé mar aidhm ag ClubLeabhar daoine a spreagadh chun leabhair Ghaeilge a léamh.

Roghnaítear leabhar nua gach mí agus tá sé mar pholasaí acu leabhair róchasta a sheachaint. Freisin, tugtar tús áite d’úrscéalta agus do chnuasaigh gearrscéalta agus bíonn meascán ann de leabhair nua-fhoilsithe agus clasaicigh atá fós i gcló. Bíonn na leabhair a bhíonn á bplé ar fáil ar siopa.ie.

Chomh maith le sin is féidir leat a bheith mar chuid de do chlub leabhar féin, go fisiciúil nó ar líne, le comhrá a dhéanamh faoi na leabhair.

Is féidir leat tuilleadh eolais a fháil ar shuíomh Gréasáin ClubLeabhar i nGaeilge le cliceáil ANSEO agus as i mBéarla le cliceáil ANSEO

clubleabhar feat

Ní hamháin dóibh siúd a labhraíonn Gaeilge an t-am ar fad atá ClubLeabhar, tá sé an-chabhrach dóibh siúd a dhéanann iarracht an Ghaeilge a labhairt i saol ina bhfuil an Béarla timpeall orthu, agus dóibh siúd atá ag iarraidh feabhas a chur ar a gcuid Gaeilge trí níos mó úsáid a bhaint aisti gan mórán brú.

Ní thógann sé ach nóiméad  clárú ANSEO don chlub agus níl aon táille i gceist. Is féidir clárú trí Ghaeilge nó trí Bhéarla.

Geansaithe Mora feat1

Léirmheas
leabhair:
Geansaithe
Móra,
le
Mary
Tynan

Cliceáil
ANSEO

Tá liosta ar fáil freisin ar Clubleabhar.com de na clubanna leabhar Gaeilge atá ag feidhmiú in Éirinn cheana féin agus tá Gaelchultúr ag súil go spreagfaidh an tionscadal seo ar líne daoine le clubanna nua a thosú, in Éirinn agus thar lear.

Tá comhairle agus tacaíocht ar fáil sa rannóg Bunaigh Club dóibh siúd a bhfuil spéis acu a gclub leabhar féin a bhunú.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

You might also like ...

Lean ExtraG.ie

Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.

no posts found
© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram