Úrscéal grafach, Corp an Duine Uasail: Cleachtaigh do chuid Gaeilge ar do luas féin le ClubLeabhar.com 

21/05/2024

Tá sé mar pholasaí ag ExtraG.ie daoine a spreagadh chun níos mó Gaeilge a úsáid gach lá – agus tá bealach iontach chun é sin a dhéanamh le bheith páirteach i gClubLeabhar.com. 

Is bealach iontach é ClubLeabhar.com chun do chuid Gaeilge a chleachtadh ar do luas féin. Bíonn podchraoladh difriúil ann gach mí, ina ndéantar agallamh faoi leabhar nua. 

Níl aon ranganna i gceist, ní éisteann tú ach nuair is mian leat, ní léann tú ach nuair is mian leat – agus is féidir leat a bheith páirteach i ngrúpa chun labhairt faoina bhfuil léite agat agus faoina bhfuil cloiste agat, más mian leat. 

corp an duine cludach feat

Corp an Duine Uasail
le Penélope Bagieu

Is é an t-úrscéal grafach Corp an Duine Uasail leabhar mhí na Bealtaine. Tá post marbhánta ag Zoé – príomhcharachtar an scéil, agus leimhe an tsaoil ag luí go trom uirthi. Mar sin féin, tá doimhneacht ag baint lena carachtar agus bá ag an léitheoir léi dá réir. Scéal é seo faoi ghrá agus uaillmhian chomh maith le banlaoch as an gcoitiantacht.

I bpodchraoladh na míosa seo, téann Emma Ní Chearúil agus Katie Whelan i mbun plé ar scéal Zoé. Éist leis an bplé anseo agus roinn do chuid tuairimí linn ar fhóram ClubLeabhar.com!

ClubLeabhar.com
ClubLeabhar.com

A leithéid de shaol! Tar éis do Zoé an lá a chaitheamh mar fháilteoir ag comhdhálacha agus seónna tráchtála, ní bhíonn ag fanacht léi sa bhaile ach leisceoir mímhúinte a chodlaíonn ina chuid stocaí! Sin, nó go gcastar Tomás uirthi, scríbhneoir mór a bhfuil an inspioráid ag teip air…

Tá an podchraoladh ANSEO. 

Tá sé mar aidhm ag ClubLeabhar daoine a spreagadh chun leabhair Ghaeilge a léamh. 

Roghnaítear leabhar nua gach mí agus tá sé mar pholasaí acu leabhair róchasta a sheachaint. Freisin, tugtar tús áite d’úrscéalta agus do chnuasaigh gearrscéalta agus bíonn meascán ann de leabhair nua-fhoilsithe agus clasaicigh atá fós i gcló. Bíonn na leabhair a bhíonn á bplé ar fáil ar siopa.ie

Chomh maith le sin is féidir leat a bheith mar chuid de do chlub leabhar féin, go fisiciúil nó ar líne, le comhrá a dhéanamh faoi na leabhair. 

ClubLeabhar.com
ClubLeabhar.com

Is féidir leat tuilleadh eolais a fháil ar shuíomh Gréasáin ClubLeabhar i nGaeilge le cliceáil ANSEO

Ní hamháin dóibh siúd a labhraíonn Gaeilge an t-am ar fad atá ClubLeabhar, tá sé an-chabhrach dóibh siúd a dhéanann iarracht an Ghaeilge a labhairt i saol ina bhfuil an Béarla timpeall orthu, agus dóibh siúd atá ag iarraidh feabhas a chur ar a gcuid Gaeilge trí níos mó úsáid a bhaint aisti gan mórán brú. 

Ní thógann sé ach nóiméad  clárú ANSEO don chlub agus níl aon táille i gceist. Is féidir clárú trí Ghaeilge nó trí Bhéarla. 

corp an duine

Tá liosta ar fáil freisin ar Clubleabhar.com de na clubanna leabhar Gaeilge atá ag feidhmiú in Éirinn cheana féin agus tá Gaelchultúr ag súil go spreagfaidh an tionscadal seo ar líne daoine le clubanna nua a thosú, in Éirinn agus thar lear. 

Tá comhairle agus tacaíocht ar fáil sa rannóg Bunaigh Club dóibh siúd a bhfuil spéis acu a gclub leabhar féin a bhunú.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram