Tá sé cloiste ag cúirt gur bhris déagóir, atá cúisithe as ionsaí a dhéanamh ar thurasóir, coinníollacha a bhannaí arís agus arís eile.
Tá an buachaill ag fanacht le triail ar chúisimh (charges) a bhain le hionsaí ar thurasóir as na Stáit Aontaithe, Stephen Termini, a d’fhulaing ‘cúig ghortú bhagrach don bheatha’ i mBaile Átha Cliath.
Bhris an déagóir coinníollacha faoi bhannaí a chuir cosc air a bheith i gcóngar an ionsaithe, dúradh leis an gcúirt.
Tá triúr buachaill 15, 16 agus 17 bliain d’aois, nach féidir a ainmniú toisc gur daoine faoi aois (minors) iad, cúisithe as mí-ord foréigneach agus as dochar tromchúiseach a dhéanamh don Uasal Termini, atá 57 bliain d’aois, ó Buffalo, Nua-Eabhrac.
Chuala Cúirt na Leanaí (Children’s Court) i mBaile Átha Cliath nach raibh an buachaill, atá 16 bliain d’aois, ag glacadh lena choinníollacha bannaí, 14 huaire ó dheireadh mhí Aibreáin.
Dúirt an Sáirsint Garda Niall Godfrey go raibh sé (6) shárú cuirfiú déanta aige agus gur chonacthas an buachaill ocht n-uaire ar thrí shráid, lena n-áirítear uair amháin ar Shráid Thalbóid, nach raibh cead aige a bheith ann.
Dúirt an t-abhcóide cosanta Doireann McDonagh nach raibh cúisimh nua ag an déagóir, agus go bhféadfadh tréimhse fhada coinneála aige ag feitheamh ar thriail a bheith mar thoradh ar bhannaí a chúlghairm (revoke).
Chuala an chúirt go raibh socrúchán oideachais aige agus go raibh baint aige le clár pobail do dhaoine óga.
Phléadáil a abhcóide leis an gcúirt seans eile a thabhairt dó chun é féin a chruthú; agus a thabhairt faoi deara go raibh tionchar ag meabhairshláinte an ghasúir.
‘Geallaim, a Bhreithimh, go mbeidh mé níos fearr; ní bhrisfidh mé coinníollacha bannaí, táim chun éisteacht le gach rud deireanach a dúirt tú,’ a dúirt an déagóir leis an gcúirt.
I láthair a thuismitheoirí agus gaolta eile, dúirt an Breitheamh Kelly leis an mbuachaill go raibh ‘seans deiridh’ á fháil aige agus go gcuirfí ar ceal bannaí dá ndéanfaí sárú amháin eile.
Ordaíodh dó féin agus dá chomhchosantóirí teacht i láthair arís ar dhátaí i mí an Mheithimh chun leabhair fhianaise (book of evidence) a sheirbheáil orthu, a dúirt an Stát a bhí 85% críochnaithe.
Tugadh rabhadh den chineál céanna don bhuachaill atá 15 bliana d’aois go bhféadfadh sé a bheith ag déanamh a scrúduithe don Teastas Sóisearach (Junior Cert) in ionad coinneála tar éis dó teacht chun solais gur bhris sé a chuirfiú sé huaire le míonna beaga anuas.
Bhí tréimhse faoi choimeád aige freisin mar gheall ar neamhchomhlíonadh.
Gortaíodh an tUasal Termini, ealaíontóir agus ceoltóir, le linn eachtra ar chúinne Shráid an Stórais agus Sráid Talbóid i dtuaisceart lár na cathrach oíche an 19 Iúil 2023.
Níos luaithe, dhiúltaigh breitheamh na Cúirte Leanaí dlínse (jurisdiction) chun an cás a éisteacht agus d’aontaigh sé leis an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí (DPP) go gcaithfí déileáil leis ar leibhéal níos airde le cumhachtaí pianbhreithe níos leithne.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.