Gabhadh buachaill sna déaga maidir leis an ionsaí tromchúiseach ar thurasóir as Meiriceá Stephen Termini i lár chathair Bhaile Átha Cliath.
Tá an buachaill á choinneáil faoi láthair i stáisiún na ngardaí i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath.Chiceáil agus bhuail grúpa ógánach Stephen Termini, atá 57 bliain d’aois, ar Shráid Stórais Bhaile Átha Cliath Dé Céadaoin.
Tharla an t-ionsaí díreach tar éis dó a lóistín a fhágáil ag 10.40pm ar Shráid Thalbóid.
Tá Termini, atá as Buffalo in Nua-Eabhrac fós faoi dhianchúram in Ospidéal Beaumont.
Tá an buachaill á choinneáil faoi Alt 4 den Acht um Cheartas Coiriúil.
Tharla an t-ionsaí díreach seachtainí tar éis d’aisteoir ón Úcráin a bheith gortuithe in ionsaí den chineál céanna.
Tá sé ráite ag mac leis an Uasal Termini, Mike Rizzuto, go bhfuil súil aige go dtabharfar a chuid ionsaitheoirí os comhair an dlí.
Dúirt an tUasal Rizzuto gur thug a athair cuairt ar Éirinn roinnt uaireanta agus go raibh sé beartaithe aige bogadh go dtí an tír go buan.
Spreag an eachtra an comhairleoir áitiúil agus an t-iar-Ardmhéara Nial Ring chun ceist a chur, an bhfuil an tAire Dlí agus Cirt an duine cheart sa phost sin.
Dúirt an tUasal Ring go gcaithfidh Ms McEntee ‘stop a bheith ag caint faoi lárchathair thuaidh’ na cathrach agus cuairt a thabhairt ar an gceantar le tuiscint a fháil ar an damáiste atá á dhéanamh ag coireacht thromchúiseach.
D’éiligh sé go mbeadh níos mó gardaí ar na sráideanna agus d’impigh sé ar Ms McEntee gníomhú go tapa.
Dúirt sé: ‘Ná tabhair focail dúinn. Teastaíonn gníomh uainn agus teastaíonn uainn anois é. Tá muid gorm san aghaidh á rá.
‘Is féidir an oiread Billí agus is mian leat a bheith agat, cosúil leis an ceann faoi na coireachta fuatha.
‘Ach ní bheidh lead ag rá leat: “Ó, is fearr gan rud éigin a rá mar beidh mé i dtrioblóid” nuair a bhíonn siad amuigh ansin ag ciceáil daoine sa chloigeann.’
Dúirt sé go bhfuil ionadaithe áitiúla ag iarraidh ar níos mó gardaí arís agus arís eile.
Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar Extra.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.