Is mó an seans go mbuailfidh gluaisteáin hibrideacha agus leictreacha coisithe ((pedestrians) ná feithiclí peitril nó díosail, go háirithe i mbailte agus i gcathracha, de réir tuarascála nua.
Léirigh sonraí ó 32 billiún míle de thaisteal carranna faoi thiomáint ceallraí (battery-powered) agus 3 trilliún míle de thurais charranna peitril agus díosail go bhfuil dhá oiread seans go mbuailfidh gluaisteáin leictreacha agus hibrideacha coisithe ná gluaisteáin faoi thiomáint breosla iontaise (fossil fuel-powered), agus trí oiread seans go ndéanfaidh siad amhlaidh i ceantair uirbeacha.
Níl sé soiléir cén fáth a bhfuil gluaisteáin leictreacha níos contúirtí, ach tá amhras ar thaighdeoirí go bhfuil an milleán ar roinnt fachtóirí.
‘Is contúirt do choisithe iad gluaisteáin leictreacha mar is lú an seans go gcloisfear iad ná gluaisteáin pheitril nó díosail,’ a dúirt Phil Edwards, an chéad údar ar staidéar agus ollamh eipidéimeolaíochta agus staitisticí ag School of Hygiene & Tropical Medicine i Londain.’
Dúirt sé: ‘Má tá tú ag bogadh go gluaisteáin leictreacha, cuimhnigh gur cineál nua feithicle é.
‘Tá gluaisteáin leictreacha i bhfad níos ciúine ná na gluaisteáin eile, agus d’fhoghlaim coisithe conas bóithre a taistil trí éisteacht le trácht. Ní mór do thiománaithe na bhfeithiclí seo a bheith an-aireach.’
I 2017, d’aimsigh tuarascáil ón Roinn Iompair de chuid na Stáit Aontaithe go raibh riosca 20% níos airde ag gluaisteáin leictreacha agus hibrideacha do choisithe ná mar a bhí ag gluaisteáin pheitril agus díosail, agus riosca 50% níos airde le linn bogann luas íseal, mar shampla casadh, aisiompú, tosú sa trácht agus ag teacht ar stad.
Is peitreal nó díosal formhór na bhfeithiclí ar an mbóthar agus bhí baint acu le trí cheathrú d’imbhuailtí coisithe.
Ach don achar céanna a taistealaíodh, bhí gluaisteáin cheallraí níos contúirtí.
Ba é an meánráta bliantúil taismeach coisithe in aghaidh an 100m míle ná 5.16 do ghluaisteáin leictreacha agus hibrideacha, i gcomparáid le 2.4 do charranna peitril agus díosail, de réir an staidéir in Journal of Epidemiology and Community Health.
I suíomhanna tuaithe, ní raibh gluaisteáin faoi thiomáint ceallraí níos contúirtí ná peitril nó díosal, ach i mbailte agus i gcathracha bhí siad trí huaire níos mó seans ann imbhualadh le coisithe.
Ó mhí Iúil 2019, tá sé de cheangal ar gach feithicil nua hibrideach agus leictreacha a dhíoltar san Eoraip córas foláirimh a bheith acu a astaíonn fuaim nuair a bhíonn an carr ag taisteal go mall, ach tá na céadta mílte gluaisteán leictreacha ar an mbóthar gan na feistí.
Ach ní deacracht le gluaisteáin leictreacha a chloisteáil an t-aon fhadhb.
Is gnách go mbíonn luas tapa ag gluaisteáin leictreacha agus de ghnáth bíonn siad i bhfad níos troime, agus cuid acu ag meáchan gluaisteán peitril faoi dhó, rud a fhágann go mbíonn achair stoptha níos faide acu.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.