Tá coisí baineann (female pedestrian) ina 50í básaithe, tar éis do charr imbhualadh (collide) le roinnt coisithe i gCorcaigh go moch maidin Dé Máirt.
Tá imscrúdú Garda ar siúl tar éis an imbhuailte bóthair marfach i nDrom an Allaig, Baile an Gharraí (Dromanallig, Ballingeary), Co. Chorcaí ar 13 Nollaig ag thart ar 1.10 am.
Gortaíodh coisí baineann amháin go marfach tar éis don fheithicil imbhualadh le roinnt coisithe. Baineadh a corp le haghaidh scrúdú iarbháis in Ospidéal na hOllscoile, Corcaigh.
Tugadh beirt choisithe baineanna eile, atá ina 40idí, go hOspidéal na hOllscoile, Corcaigh le gortuithe tromchúiseacha.
Níor gortaíodh tiománaí fireann an chairr, a bhí ina 40idí luatha, agus níor gortaíodh a phaisinéirí a bhí sa charr.
Cuireadh atreoruithe áitiúla i bhfeidhm nuair a dúnadh an Phríomhshráid i Sráidbhaile Bhéal Átha an Ghaorthaidh le go ndéanfadh Imscrúdaitheoirí Imbhuailtí Fóiréinseacha an Gharda Síochána scrúdú teicniúil ar an láthair.
Tá Gardaí ag iarraidh ar aon fhinnéithe den imbhualadh dul i dteagmháil leo le haon eolas a d’fhéadfadh cabhrú leis an imscrúdú.
Dúirt siad: ‘Iarrtar ar aon duine a bhfuil aon eolas acu dul i dteagmháil le Stáisiún Garda Mhaigh Chromtha (Macroom ) ar (026) 20590, Líne Rúnda na nGardaí ar 1800 666 111, nó aon Stáisiún Garda.’
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.